Tá breis agus 30 rian ar mo rogha Rianta na Míosa is déanaí, ag tosú le leagan álainn David Murphy de ‘Aisling Gheal’ Sheáin Uí Riada. I measc na nÉireannach eile a d’eisigh albaim bhreátha i rith mhí Aibreáin tá Chequerboard agus New Jackson, a bhfuil port an duine le clos uathu (agus nach bhfuil blas ar leagan leictrea-pop New Jackson de ‘I Wanna Be Adored’ na Stone Roses?).
Tá singil úr Grooveline (Chic Chontae Liatroma!) le clos chomh maith. Hup!

Ag gluaiseacht linn thar sáile, tá ceol le clos ó albaim úra Contours as Manchain, Low End Activist as Beirlín, Za! & Perrate na Spáinne agus Mdou Moktar as Poblacht na Nígire.
Bí ag súil le singlí úra le clos ó Model 500, Metronomy, Max Graef, Caribou, Daniel Avery, Kessoncoda, Los Yesterdays & The Zawose Queens.

Tá ceol úr hip hap le clos ó Nas & DJ Premier, bhangra ó Ragz & Manjeet Kondal, ceol indie ó Shoshy, fuaimeanna úra house ó Damar Davis agus Ambient Babestation Meltdown & Borai, agus más dúil leat dordcheol, bí ag éisteacht le heisiúintí úra Kwake, Hamdi, u-Ziq, Little Snake agus Dubrunner.
An méid sin ar fad agus seoda atheisithe de chuid DJ Mayhem, 23 Skidoo (aimseoidh tú bunábhar dhordlíne ‘Block Rockin’ Beats’ le Chemical Brothers sa cheann sin!), Don Carlos agus The Aggrovators.