Rianta na Míosa: Aibreán – Seinnliosta NÓS ar Spotify

Tá an t-earrach curtha dínn againn agus an samhradh linn ar deireadh, ach sula bhfágfaidh slán iomlán le ráithe Bhríde tá seinnliosta curtha le chéile ag ár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin dúinn atá lán de na rianta ab fhearr a eisíodh le mí anuas. Ar chlár na míosa seo tá 25 rian nua, idir cheol func, indie, hip-hap, house, dhioscó, reigé, flamenco, réabh agus shnagcheoil.

Tá port nua ó Shúil Amhráin na Ríochta, fear a bheidh le feiscint ar stáitse ag Féile na Gealaí i mí an Mheithimh chomh maith le rianta ó albaim úra de chuid Spiritualized, Fontaines DC, Horace Andy, Billy Woods, Collignon, Finn, Phi-Psonics, Koby Israelite agus Alabaster De Plume.

Tá athmheascadh ar Peggy Gou déanta ag DJ Koze agus leagan breá acid house den phort dioscó-func ‘Chicago’ le Roy Ayers déanta ag East Coast Love Affair. 

Tá Elizabeth Frazer (Cocteau Twins) agus Damon Reece (Massive Attack) tagtha le chéile faoin ainm Sun’s Signature agus ceol nua curtha amach acu. Tá singlí úra eisithe ag Chronixx, Hiro Ama, Overmono, Elsy Wameyo, PVBLIC XCESS, Chimp, Mr Sos, Hugo Massein, Citizen:Kane agus Tentenko freisin agus iad uilig le cloisteáil ar sheinnliosta na míosa. 

Ná dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!

SCÉALTA EILE