Rianta na Míosa – Aibreán
seinnliosta NÓS ar Spotify

Seo chugaibh Rianta na Míosa Aibreán, ónar gcolúnaí ceoil, Ben Ó FAoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas.

An mhí seo, mheall ceol ó na seánraí indieragga, agus dioscó Afracach cluas Ben, chomh maith le cúpla traic house, snagcheol comhaimseartha, teicneo agus leictreo.

20 rian ar fad atá ar liosta Aibreáin, agus ceol óna halbaim nua a d’eisigh Fontaines D.C., Versing, Bibio agus Drahla an mhí seo caite, chomh maith le rianta nua ó Kneecap, Outlaw Posse, Whodat, 96 Back, Tooli agus Jeremy Hyman.

Tá ceol ó leithéidí Altin Gun, Rudolph Abramov, Hania Rani agus Minimal Violence le cloisteáil an mhí seo freisin.

D’atheisigh Cutty Ranks, Pamooja, Azymuth agus F.U.S.E. ceol le mí anuas freisin agus tá na seoda sin, chomh maith le rian atheisithe du chuid Christy Essien ar sheinnliosta NÓS ar Spotify freisin.

Ná dearúdaigí NÓS a leanúint ar Spotify!