Rianta na Míosa: Bealtaine
seinnliosta NÓS ar Spotify

Tá an samhradh buailte linn agus seinnliosta réitithe ag ár gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin, lena aghaidh. Tá 25 rian ar liosta na míosa seo agus ceol func domhanda, indie, hip-hap, reigé, dioscó, agus house le cloisteáil air chomh maith le cúpla rian dord- agus snagcheoil.

Tá ceol nua ann ó Shúil Amháin as Ciarraí, Pretty Happy as Corcaigh, Burial, Kiefer & Theo Croker, Raxo, Shire T, Drumskull, Durand Jones & The Indications, Cochemea agus Mick Woods.

D’eisigh leithéidí Wau Wau Collective, Black Midi, Hoshina Anniversery, agus ceoltóirí eile nach iad, albaim nua le mí anuas agus tá rianta óna halbaim sin curtha ar liosta na míosa ag Ben – an bailiúchán nua ceoil dioscó Club Coco ina measc.

Ar na ceoltóirí a bhfuil atheisiúint déanta ar sheanseoda dá gcuid tá My Bloody Valentine, Spiritualized, Leslie Winer, Ebo Taylor, Marcos Valle agus Marcia Griffithe & The Dub Specialist.

Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!