Rianta na Míosa – Bealtaine 2024

Ní fada anois go mbeidh 100 uair a chloig de cheol i gceist lenár seinnliosta Rianta na Míosa, agus os cionn 30 rian idir úr agus atheisithe curtha agam leis do mhí na Bealtaine. 

Tá réimse leathan ceoil le clos ó cheoltóirí agus léiritheoirí na hÉireann an mhí seo, idir singil grúvaíáilte (an focal é sin anois?!) úr IMLÉ agus ceol séimh Mhacdara Uí Fhaoláin, agus leagan beo nathrach Lankum de ‘The Rocky Road To Dublin,’ indie loscadh Sprints agus ceol druma & dord gan cháim Zero T.

Grianghraf: Jessica Pratt. Creidmheas: Samuel Hess

I measc na gceoltóirí a d’eisigh albam úr le mí anuas tá Jessica Pratt, Syclops (Maurice Fulton), Feel Free Hi Fi, Jorga Mesfin, L.B. Dub Corp (Luke Slater), SPECIO, The Lovely Eggs, DIIV, Moon Relay, Arab Strap, Ezra Feinberg agus UMAN. Tá port an duine ar an seinnliosta acu.

Bí ag súil chomh maith le ceol úr hip hap ó Macklemore agus NightJar (tógra úr de chuid Jimi Goodwin ón ngrúpa indie, Doves), dub-teicneo domhain griothalach ó Wax (Shed na Gearmáine), port eachtrúil teicneo den stíl a chleachtar in Detroit ó CEM3340 na hIodáile, rian macnasach den cheol garáiste ón RA ó 1-800 Girls, amhrán indie glic greannmhar ó Anna Erhard, ceol Afrai-tí úr ó Mr Raoul K, agus port druma & dord ó Sully athmheasctha ag Basic Rhythm.

An méid sin ar fad agus seoda atheisithe de chuid Cranes, Delroy Wilson, Amon Tobin, Martyn/TRG agus Kristin Hersh.

 

SCÉALTA EILE