Rianta na Míosa: Deireadh Fómhair

Tá oll-liosta eile curtha le chéile ag Ben Ó Faoláin dúinn an mhí seo ar Sheinnliosta NÓS ar Spotify agus dhá scór rian ar liosta na míosa seo. Tá idir cheol func domhanda, indie, hip hap, reigé, shnagcheol, teicneocheol, house, agus dioscó le cloisteáil ar an liosta.

Tá leagan nua déanta ag Maria Smoerville as Conamara den amhrán ‘Kinky Love’ le Nancy Sinatra, agus tá liricí Breatnaise curtha ag Carwyn Ellis agus Rio 18 le ceol Brasaíleach.

I measc na rianta nua a eisíodh le cúpla seachtain anuas tá ceol ó Gabriels, Apifera, The Colours That Rise, Kolsch, Contours, Liluzu, Robert Lee X Coco Bryce augs Kojey Radical agus go leor leor eile nach iad.

Chuir Altered Hours as Corcaigh albam nua amach le deireanas agus tá ceol ón albam sin ar an liosta, chomh maith le rianta ó albaim nua de chuid Nightmares of Wax, Vanishing Twin, Marissa Nadler, Grouper, Swindle, Kuunatic, Dax J, Posthuman agus Sepehr.

Mar a bhíonn gach mí, tá roinnt atheisiúintí maithe aimsithe ag Ben dúinn agus i meacs na rianta sin an mhí seo tá seanseoda Echo & The bunnymen, Sigur Rós, Desmond Chambers, Los Blonder, Elia & Elizabeth agus Mankunkui Quartet.

Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify.

SCÉALTA EILE