Tá breis agus tríocha rian curtha lenár seinnliosta an mhí seo agam – ceol func domhanda, indie, house, reigé, dordcheol agus snagcheol idir úr agus atheisithe.
Bí ag súil le ceol úr ó Deathbed Convert as Béal Feirste, ón Éireannach-in-Porto, Olan Monk (i dteannta an ghrúpa Moin as Londain) agus ó The Ocelots as Loch Garman.
I measc na gceoltóirí a chuir albam úr amach le mí anuas tá The Cure, Matt Elliot, Goat, Bloto, Visioneers, Gitkin, Fracture & Bryan Gee agus Craven Faults. Ta port an duine ar an seinnliosta acu.
Tá ceol leictreonach úr le clos ó Fixate, Kreggo, Etch & Killa P, Objekt, Sam Binga & Skream agus A Vision of Panaorama, ceol ó Galliono athmheasctha ag Laroye agus ó Broki athshamhlaithe ag Kay Suzuki.
Tá Pencho Acosta as Peiriú tar éis leagan cumbia de ‘Egyptian Reggae’ de chuid Jonathan Richman a thaifeadadh agus tá singlí nua le clos ó Silvan Strauss & Mehdi Qamoum agus Clipping.
Tá dhá rian againn ón mbailiúchán ‘Vint’ a d’eisigh muintir Lapsus Barcelona le déanaí mar cheiliúradh ar an lipéad a bheith 20 bliain ar an bhfód i mbliana.
Tá seoda atheisithe go leor againn idir cheol boogaloo na seanré ó Santiago Silva, ceol reigé le Prince Jazzbo agus Sizzla chomh maith le poirt de chuid Squarepusher, Bedouin Ascent, Ministry, Sussan Deyhim & Richard Horowitz, The Egyptian Lover agus Junior Parker.