Rianta na Míosa: Eanáir
Seinnliosta NÓS ar Spotify

Tá 25 rian nua curtha le Seinnliosta NÓS ar Spotify ag ár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin dúinn, agus scoth na rianta ón mí seo caite roghnaithe aige. Is í Inni-K atá ar bharr an liosta an mhí seo, agus an t-amhrán ‘An Tiarna Randall’ óna halbam nua Iníon a eiseofar níos deireanaí an mhí seo.

I measc na nÉireannach eile atá ar an liosta tá Fontaines DC na hardchathrach, Clare Sands i dteannta Liam Uí Mhaonlaí, agus Kettema as Gaillimh. Tá ceol nua Arabach ann ó Anouar Kaddour Chérif, snagcheol úr ó DoomCannon, agus ceol nua don urlár rince ó leithéidí Roska, Bézier, Bow Street Runner agus Simone De Kunovich.

D’eisigh Bonobo, Soundcarriers, Cat Power, Jacob Gurevitsch, Bill Callahan & Bonnie Prince Billy, agus go leor eile albaim nua le cúpla seachtain anuas agus tá an rianta ó na heisiúintí sin le cloisteáil ar liosta na míosa freisin.

Mar a bhíonn i gcónaí, tá seoda atheisithe agus athmheascaithe ar ‘Rianta na Míosa’ agus an mhí seo tá ceol de chuid Andrew Weatherall, Wheez-ie agus ceol reigé ón gcnuasach nua Life Between Islands ar lipéad Soul Jazz ar an liosta.

Ná dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!