Rianta na Míosa – Eanáir 2025

Tá breis agus 25 rian ar mo rogha Rianta na Míosa is déanaí (a bhfuil cúpla rian a chailleamar ag deireadh na bliana 2024 san áireamh leo). Ceol leictreafhuaime ó albam úr an díséid DOVS a chuireann fáilte romhat isteach. 

I measc na nÉireannach atá le clos an mhí seo tá Seosamh Mac, Lonesome George & Múlú, Torby toirtiúil an tí seo agus Moving Still na hardchathrach.

Ag bogadh thar lear tá ceol úr le clos ó leithéidí FKA Twigs, Panda bear, Zzzahara, Lambrini Girls, Blue Lake, The Innocence Mission agus Jabu.

Más dúil leat ceol hip hop, aimseoidh tú an chéad bhlaiseadh d’albam úr Infinity Knives & Brian Ennals (a roinn an stáitse le KNEECAP thall i Meiriceá i bhfómhar na bliana anuraidh), chomh maith le ceol úr ó DJ Design & Vermin The Villain agus singil craiceáilte nua an ghrúpa Goat i dteannta MC Yallah.

Tá dordcheol nua le clos ó Traxman, Djrum, Daniel Avery agus Baalti, ceol úr house ó Jamie xx i dteannta Erykah Badu, dubtechno ó Merv agus Piezo agus snagcheol bríomhar comhaimseartha ó Jake Amy.

An méid sin ar fad agus leagan Mannix Okonkwo na Nigéire de ‘All Night Long’ de chuid Lionel Richie, an tseoid reigé ‘My Conversation’ de chuid Slim Smith ataifeadta go slachtmhar ag Silas Short agus func Braisíleach grianmhar ón albam Cartão Postal de chuid Evinha atá díreach atheisithe den chéad uair ag ceirníní Vampisoul na Spáinne.

SCÉALTA EILE