Tá an t-earrach tagtha, na seolta ardaithe, agus a brat leathnaithe ag Brighid ar Éirinn – tá sé in am againn súil a chaitheamh ar an gceol is fearr a tháinig amach sa chéad mhí den bhliain lenár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin. Tús spleodrach a chuir saol an cheoil le 2023 agus blaiseadh leathan den cheol sin le cloisteáil ar sheinnliosta NÓS na míosa seo ar Spotify.
Tá 25 rian curtha leis an liosta – rianta ó albaim nua Uh, Juni Habel, Refree, Trevor Beales, The Brothers Nylon, Rogé, agus Gabriel de Rosa ina measc. Tá singlí nua le cloisteáil ann ó leithéidí Baby’s Bezerk, Acid Ara agus Kedr Livansky i dteannta Kosaya Gora agus ceol úr house ó Chaos in The CBD, Seb Wildblood, Ben Hauke, agus Your Planet is next. Cuirfidh an té ar spéis leis an dordcheol an-suim sa cheol nua ó Killjoy, LeTo agus Opal Sunn atá ar an liosta.
Mar a bhíonn i gcónaí, tá rianta athmheascaithe ar an liosta ag Ben agus Meemo Comma athmheascaithe ag u-Ziq i measc na rianta sin an mhí seo, chomh maith le hathleagan lúbarnach den phort ‘Baianá’ leis an ngrúpa Barbatuques léirithe ag Wolf Muller.
Rinne Patrick Cowley, De La Soul, Lambchop, Carrie Cleveland, Sonido Verde de Moyobamba agus Baba Brooks Band atheisiúint ar sheanseoda dá gcuid agus tá na seoda sin ar liosta NÓS na míosa.
Ná dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!