Seo chugaibh Rianta na Míosa — Eanáir, ónar gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas.
Arís eile tá 20 rian ar sheinnliosta na míosa seo agus rogha leathan ceoil ann idir ceol Braisíleach agus Arabach, dioscó agus House, indie agus reigé, chomh maith le teicneo agus hip-hap.
Tá rianta nua as Baile Átha Cliath ar an liosta ó DC Fontaines, agus as Luimneach ón gceoltóir Denise Chaila. Ar na rianta idirnáisiúnta atá le cloisteáil an mhí seo, tá ceol ó Bonobo, Lambchop, Karen O & Dangermouse, Panda Bear, Cinematic Orchestra & Roots Manuva, Swervedriver, Om Unit, Jr Thomas & The Volcanoes, Mercury Rev, Anna, Rozi Plain, Ibibio Sound Machine, Jimi Tenor agus Brainwaltera.
Mar is iondúil, tá seancheol le cloisteáil freisin ar sheinnliosta NÓS, agus an mhí seo tabharfaidh muid siar go na 1990idí sibh le seoid de rian hip-hap ó Lords of the Underground.
Ná dearúdaigí NÓS a leanúint ar Spotify!