Tar éis an taispeántais mháistriúil a thugadar ag Gradaim NÓS ag tús na míosa tá Huartan suite ag barr seinnliosta Spotify Rianta na Míosa lena singil úr ‘Bean Udaí Thall’.
Tá dhá scór rian curtha leis an liosta agam a bhfuil idir cheol func domhanda, indie, hip-hop, house, reigé, dordcheol, agus snagcheol le clos ann. Ar chuma éigin tá ceoltóirí as Béal Feirste freagrach as 10% de!
Sna sála ar Huartan tá singlí nua le clos ó Torby (cé hé féin, n’fheadar?) agus Kneecap. Níos faide síos an liosta tá port úr acid-dioscó cosmach le clos ó Space Dimension Controller.
Bí ag súil le ceol ó albaim úra de chuid Newdad, Liam Bailey, Philip Glass, Ganavya, TTSSFU, Ducks Ltd., Paranoid London, Leo Takimi agus Bloto.
Tá ceol úrnua hip-hop le clos ó Forever Pavot & Xp The Marxman agus Mickey Diamond & Big Ghost Ltd., dordcheol úr ó Innellea & Flowdan, D3U5E, Neil Landstrumm agus City Kudo, agus poirt úra teicneo agus ceol house ó Boundary, Raxon, agus Scuba.
Más spéis leat func-cheol domhanda, tabhair cluas d’eisiúintí úra Les Amazones d’Afrique, Aziza brahim, The Sorcerers, Jimi Tenor, Gabriel Da Rosa, agus Sahra Halgan.
I measc na gceoltóirí ar deineadh atheisiú ar shárcheol dá gcuid le mí anuas tá Drop Nineteens, The Beat, Sandwell District, Oluko Imo & Fela Kuti agus Hiroki Tamaki.
É sin ar fad agus leagan úr déanta ag Bacao Rhythm & Steel Band d’amhrán an chláir ‘Stranger Things’…
Bain súp as!