Rianta na Míosa – Feabhra 2025

Tá dhá dhosaen de na rianta úra agus atheisithe is fearr a tháinig i mo threo le mí anuas curtha le seinnliosta Spotify NÓS agam.

Amhrán punc-func de chuid Big Boy Foolish as Corcaigh (atá sa phictiúr thuas) a chuireann tús le mo rogha, agus Marcus ‘misniúil’ Mac Conghaile le clos ina dteannta mar aoi-amhránaí. 

I measc na nÉireannach eile a d’eisigh ceol úr le mí anuas tá Kneecap (leagan athmheasctha de ‘H.O.O.D.’), Fontaines D.C., Hazey Haze as Luimneach, Beano & No Venom as Baile Átha Cliath. Ceol hip hop Éireannach abú!

Tá laoch electro na tíre seo, Alan O’ Boyle chugainn lena chéad albam faoin ainm stiúideo le fiche bliain anuas, The Echoes Are Decoys. Bí ag súil le port ón albam sin, chomh maith le rogha ón albam Madvillainy Demos le Madvillain (Madlib & MF DOOM) a eisíodh go hoifigiúil den chéad uair le gairid. 

Tabhair cluas do leagan ligthe úr Mocky de ‘Just A Little Lovin’’ le Dusty Springfield, éist le singil úr Doechii (a bhuaigh Grammy le déanaí dá cnuastéip Alligator Bites Never Heal).

Bí ag súil freisin le dordcheol úr ó Sully, Flobama, Valtos na hAlban, Anthony Joseph, agus Ulrich Toyer chomh maith le ceol atheisithe ó Dub Syndicate agus ó Mala. Tá fuaimeanna avant-Laidineacha Los Piranhas as an gColóim ar an liosta, gan trácht ar shingil sícideileach úr Jimi Tenor na Sualainne. 

Tá ceol indie úr le clos ó Dean Wareham (Galaxie 500) agus Vulture Feather, americana ó Alex Amen agus amhrán as Breatnais ón bhliain 1988 ó Gruff Rhys agus Ffa Coffi Pawb (tá an t-albam Dalec Peilon dá gcuid díreach atheisithe). Beireann Domenic Cappello (Sub Club, Glaschú) port séiseach teicneo leis chun na cóisire.

SCÉALTA EILE