Rianta na Míosa: Feabhra/Márta
Seinnliosta NÓS ar Spotify

Tá seinnliosta na míosa réitithe ag ár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin ar Spotify agus 25 rian iontacha le moladh aige dúinn — idir cheol indie, shól, dhioscó, house, agus go leor seánraí eile nach iad.

Tá ceol nua eisithe ag ROY, Gabriels, Sessa, Squid, Adrian Crowley, agus Convlave le tamall anuas agus rianta ó na ceoltóirí sin le cloisteáil ar liosta na míosa, chomh maith le ceol nua ó Joaquín Cornejo, Kasai Allstars, Paradox, Alfa Mist, Kid Brama agus Proc Fiskal.

I measc na n-albam a eisíodh, bhí albaim Brijean (a ndearna Ben léirmheas air an tseachtain seo caite), Pauline Anna Strom, Guedra Guedra, Arab Strap, Anansy Cissé agus 8Ball.

Anuas ar an méid sin, tá rianta aiseisithe ó leithéidí Future Sound of London, Nermin Niazi, Japan, One Arm agus Gabrielle Roth & The Mirrors.

Ná déan dearmad NÓS a leanúint ar Spotify!