Rianta na Míosa – Feabhra
Seinnliosta NÓS ar Spotify

Seo chugaibh Rianta na Míosa — Feabhra, ónar gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas.

Arís eile tá 20 rian ar sheinnliosta na míosa seo agus rogha leathan ceoil ann idir dhioscó agus House, indie, chomh maith le teicneo agus nua-chlasaiceach. 

I measc na rianta nuaeisithe tá ceol ó Bibio, Durand Jones, Little Sims & Small Professor, chomh maith le leithéidí People Under The Stairs, Yann Tiersen, WH  Lung, agus K-Lone. 

Tá ceol ón Afraic le cloisteáil sna rianta  ó mhuintir Ttuareg an tSahára agus Okyerema Asanta, chomh maith le ceol nua  as Éirinn le DC Fontaines as Baile Átha Cliath. 

Ná dearúdaigí NÓS a leanúint ar Spotify!