Rianta na Míosa – Iúil 2024

Os cionn dhá scór rian ar fad atá curtha agam lenár seinnliosta, Rianta na Míosa, do mhí Iúil agus ceol nua agus atheisithe ina measc. Bí ag éisteacht le reigé ón Téalainn, dordcheol as Barcelona, hip hap as Brooklyn agus Los Angeles, teicnicheol as an Airgintín agus ceol timpeallach as an Nigéir.

Tá singlí úra le clos ó Kim Deal (Pixies/Breeders), Burial, Fcukers, Caribou, Mica Levi, Stegosauro, Paradise Cinema, Campus Christy, Ibukun Sunday, Kings of High Speed & JKriv, Higher Meditation & Simon Nyabinghi, Mura Masa & Yeule, agus Holy Tongue & Shackleton.

I measc na gceoltóirí a d’eisigh albam úr le mí anuas tá Fixity na hÉireann, Clairo, Elijah Minnelli, Dizraeli, Blaine Todd, TiRon & Ayomari, The Emperor Machine, Seph, Xylitol agus Unknown Me. Tá port an duine ar an seinnliosta acu.

Tá fuaimeanna úra don urlár rince ann ó The Streets (a bhí go diail ag Glastonbury) athmheascaithe ag Overmono, Peaky Beats, Dar Disku, Tim Reaper & Kloke, Imogen Sounds, Void Complet, Pépe, agus Nicola Conté athmheascaithe ag Joe Claussell. Bí ag súil, leis, le leagan úr boogaloo de ‘Blue Monday’ síorghlas New Order!

An méid sin ar fad agus seoda atheisithe de chuid Beastie Boys, Skip James,  QQ, CJ Bolland, Duval Timothy, Twiliters agus Srirajah Sound System. Blasta!

SCÉALTA EILE