Rianta na Míosa: Iúil – Lúnasa 2023

Mar is eol do chuid agaibh, tá seinnliosta poiblí ag NÓS ar Spotify a gcuireann an saineolaí ceoil Ben Ó Faoláin rianta leis ar bhonn rialta.

Tá 28 dtraic nua curtha ag Ben leis an seinnliosta le déanaí agus ina measc tá riantaí ó na halbaim úra de chuid Rónáin Uí Shnodaigh agus Myles O’Reilly (léigh léirmheas air anseo), Sofie Birch agus Antonina Nowacka (thuas), Matthew Halsall, African Headcharge, Jessy Lanza agus Thee Oh Sees.

Tá ceol nua ann freisin ó Niamh Bury na hÉireann, Ahemaa Nwomkr as Gána, agus Helena Hauff na Gearmáine, chomh maith le Grove agus Bob Vylan, Sufjan Stevens, Mo’ Horizons agus Kiefer.

Níl ganntanas ceoil leictreonaigh ann ach oiread, idir leictreó, house agus dordcheol ó leithéidí Subject 13, Head High, Trends & Boylan, Actress, Park End, The Human Touch, ARA-U agus LDLDN athmheascaithe ag drumskull.

Tabhair cluas chomh maith don leagan breá bríomhar reigé atá déanta ag Junior Dell & The D-Lites de ‘Jump Around’ de chuid House Of Pain; don phort milis dub-reigé atá cumtha ag Prince Fatty in ómós d’fhuaim jazz-funk Lonnie Liston Smith; agus d’amhran sól Wendy Rene ‘After Laughter (Comes Tears)’, athshamhlaithe mar rocksteady ag Night Owls agus Destani Wolf.

Ar deireadh, ar na ceoltóirí a bhfuil atheisiúint déanta ar sheanseoda dá gcuid tá Lush, Black Dog Productions, Carl Stone agus BG Fibre.

SCÉALTA EILE