Seo chugaibh Rianta na Míosa ónár gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas.
An mhí seo is iomaí stíl cheoil a mheall ár gcluas — idir indie, phunc, dhioscó, house, shnagcheol, leictreo agus eile.
Ar na rianta nua is mó a chuaigh i bhfeidhm orainn le mí anuas bhí ceol ó DJ Shadow, Ezra Furman, Ross From Friends agus Gruff Rhys, chomh maith le traiceanna úra Shannon Lay, Moon Duo, Biochip, agus Theo Parrish.
Is seinnliosta thar a bheith idirnáisiúnta atá againn duit an geábh seo agus ceoltóirí ón tSaimbia, ón Iosrael, ó Mheiriceá agus ón nGearmáin san áireamh ann.
Mar is iondúil, tá cúpla athmheascadh agus atheisiúint i measc na rianta ar sheinnliosta NÓS agus an mhí seo tá ‘Angel’ le Massive Attack againn ón albam Mezzanine in Dub, albam a bheidh ar fáil roimh i bhfad.
Ar an ceoltóirí Éireannacha ar liosta na míosa tá Girl Band ó Bhaile Átha Cliath agus Brídín as Sligeach.
Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!