Tá mí eile imithe tharainn agus muid i lár an fhómhair anois. Bhí a chluasa ar bior ag ár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin i gcaitheamh mhí Lúnasa agus tá rogha breá curtha le chéile aige an mhí seo ar sheinnliosta NÓS ar Spotify.
Tá breis agus 20 rian ar liosta na míosa agus samplaí den cheol indie, reigé, hip-hap, teicneo, house, cumbia, agus dordcheol le cloisteáil ann.
Tá John Cale ó The Velvet Underground le cloisteáil agus é ag canadh i mBreatnais ar rian úr de chuid Kelly Lee Owns, agus ceol nua ó The Rubberbandits, Arab Strap, Machinedrum, Public Enemy, The Cool Greenhouse, JW Francis, agus go leor eile nach iad.
Eisíodh roinnt mhaith albam nua i gcaitheamh na míosa seo caite agus tá rianta ó chuid acu sin ar sheinnliosta mhí Lúnasa — leithéidí Dukes of Chutney, Rival Consoles, Luke Vibert agus Meridian Brothers.
Tá ceol atheisithe ag Linton Kwesi Johnson, Deepside, agus Aqatuki, agus na seanseoda sin le cloisteáil ar liosta Ben an mhí seo chomh maith.
Rogha thar a bheith idirnáisiúnta atá ann, agus ceoltóirí as Luimneach, Glaschú, New York, Bogotá, Köln, Detroit, i measc na rianta atá ar leathanach Spotify NÓS an mhí seo.
Ná déan dearmad muid a leanacht ar Spotify!