Rianta na Míosa – Lúnasa
Seinnliosta Spotify NÓS

Tá áthas ar NÓS mír nua lenár gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin, a fhógairt – ‘Rianta na Míosa’. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, foilseofar seinnliosta de na rianta is mo a thaitin le Ben. 

Tá 20 rian ar ‘Rianta na Míosa – Lúnasa’ agus meascán breá ceoil ann, idir indie, teicnicheol, Afra-bhúgaí, snagcheol, buillí domhanda agus ceol druma is dord. Cloisfidh tú rianta nua ó leithéidí Maribou State, Aphex Twin, Big Red Machine, BC Camplight, Menace Beach, JP Bimeni, a Lily, agus Girls of the Internet, chomh maith le hathmheascáin ó LCD Soundsystem, Four Tet agus Sully.

 

Tá roinnt rianta a d’atheisigh Japan, Lambchop, Foster Sylvers, Matthew Halsall agus Shina Williams ar sheinnliosta na míosa seo freisin.

Cuir ort na cluasáin, mar sin, suigh siar agus éist le scoth an cheoil!