Seo chugaibh Rianta na Míosa ónár gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas.
An mhí seo is iomaí stíl cheoil a mheall ár gcluas — idir cheol Arabach, indie, dhioscó, house, shnagcheol comhaimseartha, hip-hap agus eile.
Tá seinnliosta na míosa seo thar a bheith idirnáisiúnta agus ceoltóirí ó Mhailí, ó Cheanada, ón Nigéir, ón Ailgéir, ó Shasana, ón nGearmáin, ón bhFrainc, ón Afraic Theas go leor tíortha eile nach iad ann.
Ar na ceoltóirí Éireannacha atá ar an liosta tá Lankum as Baile Átha Cliath, Just Mustard as Dún Dealgán agus Caoilian Sherlock as Corcaigh.
I measc na rianta nua a mheall ár gcluas an mhí seo caite bhí ceol ó Teebs & Panda Bear, Elmono, Acid Arab, Da Lata, Kefaya, agus Big Thief. D’eisigh Julien Chang, Esa, Special Requst, agus Moresounds ceol nua, freisin.
Tá albaim nua ag Moon Duo, Matthew Kalsall, Fly Pan Am, agus Jungle Brown agus rianta óna halbaim sin ar an liosta chomh maith le blaiseadh d’albaim Nat Birchall, Sandro Perri, agus Manu Delago.
D’ímigh Rachid Taha ar shlí na fírinne cothrom an am seo an bhliain seo caite agus eisíodh albam iarbháis leis le deireanas. Tá ceol ón albam nua sin ar liosta na míosa.
Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!