Rianta na Míosa – Meán Fómhair

Seo chugaibh Rianta na Míosa Meán Fómhair, ónar gcolúnaí ceoil, Ben Ó FAoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas. 

Tá meascán breá ceoil idir cheol dhioscó, indie, ceol tí, IDM, cheol domhanda agus hip-hop. D’eisigh Villagers agus The Holy Drug Couple albaim nua le deireanas, albaim ar labhair siad le Ar Chúl an Albaim fúthu, agus tá rianta uathu sin le cloisteáil ar sheinnliosta na míosa, chomh maith le ceol nua ó Children of Zeus, Phil France, Nova Materia agus ceoltóirí eile nach iad. 

Tá ceol athmheascaithe ó Andrew Weatherall, DJ Boring agus Andrés ar an liosta freisin chomh maith le seoda atheisithe ó Thr Durutti Column, Dur-Dur Band agus Carrie. 

Ná dearúdaigí NÓS a leanúint ar Spotify! 

SCÉALTA EILE