Tá muid leath bealaigh tríd an mbliain anois agus mí an Mheithimh imithe tharainn cheana féin – cé a chreidfeadh é. Tá Ben Ó Faoláin chugainn arís leis na rianta ceoil is fearr a eisíodh le cúpla seachtain anuas agus iad curtha ar fáil go deas néata aige ar Rianta na Míosa, seinnliosta NÓS ar Spotify.
Tá breis agus 30 rian ar liosta na míosa seo agus ceol úr Éireannach ann ó leithéidí Myles O’Reilly, Post Punk Podge & The Technohippies, Bicep agus Tau & The Drones of Praise.
Tá amhrán nua i gCoirnis ann ó albam úr Gwenno freisin.
Tá rianta ó albaim nua de chuid Sessa, Repeat Orchestra, The Wedding Present, u-Ziq, Noori & His Dorpa Band, Avalanche Kaito, Akusmi agus Revelators Sound System; agus ceol hip-hap nua ó Dangermouse & Black Thought agus Fatlip & Blu, agus ceol reigé úr ó Soothsayers. Chomh maith leis sin, tá func bríomhar arabach le clos ó Sababa 5, chomh maith le ceol domhain éisteachta ó Eric Maltz agus Z.I.P.P.O.
Tá ceol nua ann don urlár rince ó leithéidí Subtraxiv, Bakongo & Scuba, Elninodiablo X The Emporer Machine agus DJ ADHD & Nikki Hair.
D’eisigh lipéid mar Strut agus Mr Bongo cnuasaigh nua le deireanas agus tá rianta a tógadh ó scoth na gcnuasach sin ar an seinnliosta chomh maith.
Ar na ceoltóirí a bhfuil atheisiúint déanta ar sheanseoda dá gcuid tá Marcus Intalex, Los Calvos, Sherrie B Thomas Frempong agus Mave & Dave.
Ná dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!