Tá trí dhosaen de na rianta is fearr a eisíodh le linn na míosa curtha lenár seinnliosta Rianta na Míosa agam, rogha as gach cearn den domhan. Bí ag súil le dioscó ón Indinéis, hip hap as Béal Feirste, Manchain agus Nua Eabhrac, amhránaíocht a capella as an Afraic Theas, leictreonaice as Londain, dordcheol as an Ísiltír, ceol Carnatach as India, bailéad grá as Baile Átha Cliath, snagcheol as an Iorua, rac-cheol R&B na seanré as Peiriú agus tuilleadh eile.
I measc na gceoltóirí a d’eisigh albam úr le mí anuas tá Seamus Hyland, Onra, King Krule, Kneecap, Da Beatminerz, NightJar, Esy Tadesse, Shoshy, The Joy, Max Graef, Byamm, Drum & Lace, Daga Voladora, Actress, Pigbaby, TJ Douglas, Coco Bryce agus George Solar. Tá port an duine ar an seinnliosta acu.

Tá fuaimeanna úra don urlár rince ann ó Moelike, Posthuman, Wallace, singlí nua ó Fontaine’s D.C., Kevin Fowley, Clairo, Glass Beams, Pete Rock & Common, Tokyo Riddim Band agus Kessoncoda. An méid sin ar fad agus seoda atheisithe de chuid Pavement, Spacemen 3, Global Communication agus Bombay Jayashri.