Rianta na Míosa – Mí na Nollag

Seo chugaibh Rianta na Míosa ónár gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas.


Tá rianta sna seánraí reigé, func, leictreo, house, hip-hap, agus ceol clasaiceach comhaimseartha i measc na 20 rian atá ar liosta mhí na Nollag, agus ceoltóirí as an tSeapáin, an Tuirc, Sasana agus iarthar na hAfraice le cloisteáil ann. 

Tá ceol ó albaim úra Omar Souleymann, Dj Nigga Fox, Gang Starr agus Mr Raoul K, chomh maith le rianta nua ó leithéidí Juniore, Quantic, The Sorcerers, Lee Gamble agus Yoshinori Hayashi. 

Tá athmheascán déanta ag Avalanches ar ‘Out of Control’, rian de chuid The Chemical Brothers, agus tá an leagan nua sin le cloisteáil ar sheinnliosta na míosa seo chomh maith. Anuas air sin, tá leagan nua de ‘East of the River Rile’, le Augustus Pablo, déanta ag Zara McFarlane agus Denis Bovell.

Tá seanseoda atheisithe ag Burial, Scottibrain, Clar Intelecto agus Black Reggae agus iad le fáil ar sheinnliosta NÓS an mhí seo. 

Ar deireadh, tá ceol de chuid David Holmes ó fhuaimrian na sraithe Killing Eve ann freisin. 

Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify.

SCÉALTA EILE