Tá mí eile curtha isteach againn agus liosta eile curtha i dtoll a chéile ag ár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin ar a bhfuil na rianta is fearr a eisíodh nó a atheisíodh le cúpla seachtain anuas. Tá 20 rian ar liosta na míosa seo agus meascán deas de cheol hip-hap, druma agus dord, dubcheol, indie, teicneo agus go leor eile.
Tá ceol nua ó ‘Súil Amháin’ na Ríochta, Arrested Development agus Your Old Droog & MF Doom, chomh maith le ceol druma agus dord ó Ricky Force as Baile Átha Cliath, Zed Bias agus Damian’s Ghost. Ar na ceoltóirí dubcheoil agus dub-reigé atá ar liosta na míosa seo tá Persian agus Ondubground.
Tá Loop agus Tranquil Elephantizer le cloisteáil chomh maith, mar aon le ceol ó chnuasacha úra ar lipéid mar All City Bhaile Átha Cliath agus ceirníní Compost na Gearmáine.
D’eisigh Meitei na Seapáine, Bon Voyage Organisation na Fraince, Inacio Tardieu na Spáinne, agus Michel Banabila na hÍsiltíre albaim nua le cúpla seachtain anuas agus tá ceol nua ó na halbaim seo le cloisteáil ar sheinnliosta NÓS na míosa seo chomh maith.
Mar a bhíonn i gcónaí, tá seoda atheisithe faighte ag Ben dúinn an mhí seo agus rianta Afra-func de chuid K Frimpong & His Cuban Fiestas agus Ernest Honny ina measc sin.
Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!