Seo chugaibh Rianta na Míosa ónár gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas.
Tá 20 rian eile roghnaithe ag Ben an mhí seo agus seánraí ar nós indir, sól, soca, teicne, snagcheol comhaimseartha agus ceol house na hAfraice i measc na seánraí atá le cloisteáil ar liosta na Samhna.
Tá ceol úr as Éirinn, an Astráil, an tSín, Sasana, an Ghearmáin, na Stáit Aontaithe agus Oileán na Tríonóide agus Tobága go fiú ar ár Spotify an mhí seo.
Ar na hÉireannaigh a chloisfidh tú ar liosta na míosa tá an banna iomráiteach Lankum, atá ag dul ó neart go neart gach mí. Tá ceol nua óna halbaim nua atá ag The Chromatics, Carla del Forno, Nick Cave, Jerry Lewis & the Voltage, Guzz, agus Floating Points, chomh maith le rianta ó na halbaim a d’eisigh East of Eden, Steve Hauschildt agus Zodiac le deireanas.
Tá rianta nua aonair ó Caribou agus GoGo Penguin, agus rianta atheisithe de chuid Jackie Shane, Brother Resistance agus Happy Mondays ar an liosta.
Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!