Rianta na Míosa: Samhain

Tá mí eile curtha isteach againn agus liosta eile curtha i dtoll a chéile ag ár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin ar a bhfuil na rianta is fearr a eisíodh nó a atheisíodh le linn na Samhna.

Tá 25 rian ar liosta na míosa seo agus meascán deas de cheol punc, snagcheoil, func, leictreo agus go leor stíleanna eile nach iad. Tá ceol nua ann ó Strange Boy as Luimneach, Sleaford Mods, Billy No Mates, Two Rangers, Gaye Su Akyol, Mark Pritchard Anunaku, DJ Format agus Kokoroko.

D’eisigh Domenique Dumont, Jennifer Castle, Etch, Group Rhoda, Chubby & The Gang, Quakers, Nuri, agus Radis The Myth albaim nua an mhí seo caite agus tá rianta óna halbaim sin ar sheinnliosta na míosa seo. Chomh maith leis sin uilig, tá leagan iontach ‘salsa-punc’ déanta ag Contento na Colóime de ‘Black Dog’ Led Zeppelin.

Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!

SCÉALTA EILE