Rianta na Míosa — Samhain
Seinnliosta NÓS ar Spotify

Seo chugaibh Rianta na Míosa Samhain, ónar gcolúnaí ceoil, Ben Ó FAoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas.

An mhí seo, tá rogha leathan indie, hip-hap Éireannach, ceol Peirseach, búgaí agus snagcheol leictreonach, chomh maith le rianta zouk, kologo agus ceol dubchéime.

Tá an ceol nua ó Kojaque agus Luka Palm, JyellowL agus Aaron Unknown, The Redneck Manifesto agus J Mascis, chomh maith le leithéidí Laibach, Horsepower Productions, Thumper, Johnny Jewel agus Liraz.

Chuir A Certain Ratio, This Mortal Coil, Bauhaus, Las Palé agus Kalambya Boys seoda dá gcuid amach an athuair agus tá na rianta atheisithe sin  le cloisteáil ar sheinnliosta na míosa freisin.

Ná dearúdaigí NÓS a leanúint ar Spotify!