Rianta na Míosa: Seinnliosta NÓS ar Spotify

Tá níos mó ceoil ar Rianta na Míosa: Seinnliosta NÓS ar Spotify an mhí seo ná mar a bhí riamh cheana agus ceathracha rian iontacha roghnaithe ag ár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin dúinn. Tá ceol sól, func domhanda, indie, hip-hap, leictreo, reigé, house agus neart seánraí eile le cloisteáil ar eagrán na míosa seo, ceol nua ó The Altered Hours as Corcaigh agus an ceoltóir aitheanta Gaelach Rónán Ó Snodaigh ina measc.

I measc na gceoltóirí a chuir rianta nua amach le cúpla seachtain anuas tá Ross From Friends, Falle Nioke & Ghost Culture, Islandman, Asa Moto, Unknown Mortal Orchestra, Diego Infanzon, Orquesta Akokán, Glaskin, Third Son, agus Group Listening, agus tá na rianta sin agus ceol eile ar liosta Ben.

D’eisigh roinnt ceoltóirí albaim iomlána le deireanas agus tá plúr na dtraiceanna ó na halbaim sin le cloisteáil ar an liosta chomh maith – albaim de chuid Low, Nala Sinephro, Bendick Giske agus Jarren ina measc.

Ar na ceoltóirí a bhfuil atheisiúint déanta ar sheanseoda dá gcuid tá laochra indie-cheoil na hardchathrach Whipping Boy, an gaiscíoch reigé Lee “Scratch” Perry (a d’imigh ar shlí na fírinne ag deireadh mhí Lúnasa), duine de mhór-snagcheoltóirí na 60í Grant Green, an t-amhránaí cumbia Aurita Castillo, Ait Meslayene na hAilgéire, The Knife, Al Dos Band, Pete Rock & CL Smooth agus Phuture Assassins.

Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!

SCÉALTA EILE