Tá mí eile imithe tharainn agus muid i gcroílár an fhómhair arís. Tá ár gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin, tar éis an mhí a chaitheamh ag éisteacht leis an gceol nua is fearr a tháinig amach agus é curtha le chéile ar Sheinnliosta NÓS ar Spotify – Rianta na Míosa.
Tá 25 rian den cheol func domhanda, indie, hip-hap, leictreo, reigé, dioscó, house, dordcheol, agus snagcheol le cloisteáil ar liosta na míosa seo agus ceoltóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta ann.
Ar na ceoltóirí Éireannacha sin tá an t-amhránaí Gaelach Eoghan Ó Ceannabháin, de bhunadh Ghaeltacht Chonamara. Tá ceol nua ann ó TR One, as Ceatharlach, freisin.
Dhuir Panda Bear & Sonic Boom, Chip Wickham, Purbayan Chatterjee, Dangermoue & Black Thought, Joe Cain, agus Infinity Knives & Brian Ennals albaim nua amach le cúpla seachtain anuas agus tá rianta uathu sin le cloisteáil ar liosta na míosa chomh maith.
Deirtear nach féidir olann a bhaint de ghabhar ach tá an seanfhocal bréagnaithe ag Moodymann agus athmheascán breá déanta aige de shingil úr leamh Nina Kraviz. Tá leagan fada réchúiseach déanta ag Roy of the Ravers dá mhór-rian ‘Emotinium’ freisin.
Tá ceol úrnua ar an liosta ó Soyuz & Kate NV, Star Feminine Band, Derya Yildirim & Grup Simsek, DJ Q &Finn, Saytek, Daniel Avery, agus Holger Zilske. Tá Fanfare Ciocarlia athmheascaithe ag Jstar, ‘Mooncake’ de chuid RSS athchóiríthe ag Prins Thomas, agus síneadh fada dioscó-dub bainte ag Ruf Dug as
an bport luathréabh ‘Tabu’ de chuid Bianca.
Ar na ceoltóirí a bhfuil atheisiúint déanta ar sheanseoda dá gcuid tá Spacemen 3, Drexciya, Count Ossie & The Mystic Revelation of Rastafari, Charles
Amoah agus Sister Nancy.
Ná dearmad NÓS a leanacht ar Spotify.