Rianta na Míosa – Seinnliosta NÓS ar Spotify

Bhí ár gcolúnaí ceoil, Ben Ó Faoláin, ag éisteacht go géar leis na haerthonnta i gcaitheamh na míosa seo caite agus tá liosta iontach eile aige dúinn inniu den cheol is fearr a eisíodh i mí Iúil.

Tá 35 rian ar liosta mór na míosa seo agus ceol Éireannach ó Rónán Ó Snodaigh, John Francis Flynn agus Cignol as Baile Átha Cliath chomh maith le port nua spreagúil ón ngrúpa Bog Bodies as Tiobraid Árann.

Chuir Sufjan Stevens & Angelo De Agustine, Immersion & Ulrich Schnauss, Majical, Celestial Being, Kalabrese, Jaguar, Tim Reaper, Fear-E agus go leor eile nach iad rianta nua amach le mí anuas agus tá rogha leathan den cheol idirnáisiúnta sin le cloisteáil ar liosta na míosa.

Ar na ceoltóirí a chuir albaim iomlána amach le mí anuas tá Billie Eilish, Brain Damage & Big Youth, Koreless, Trinity Carbon, The Go! Team agus Arushi Jain. Tá plúr na rianta ó na halbaim sin roghnaithe ag Ben don liosta.

Mar a bhíonn ann chuile mhí, tá cúpla rian athmheascaithe agus atheisithe ar liosta mhí Iúil: ceol de chuid First Choice athmheascaithe ag Dam Swindle ina measc. Tá leagan breá dub déanta ag Joe Armon Jones de cheann de rianta reigé na bliana ‘Right Way’ le Shumba Youth.

Ná déan dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!