Rianta na Míosa – Deireadh Fómhair

Seo chugaibh Rianta na Míosa Deireadh Fómhair, ónar gcolúnaí ceoil, Ben Ó FAoláin. Uair sa mí, anseo ar NÓS agus ar ár leathanach Spotify, roinneann Ben na rianta is mó a thaitin leis le mí anuas. 

An mhí seo, ceol surf-rac Vítneamach a mheall mo chluais, chomh maith le IDM, reigé, ceol tí agus ceol indie. Chuir Thom Yorke, Shed, Dead Can Dance, agus Ty Segall rianta úrnua amach agus d’atheisigh Arthur Russell, Jacob Miller, agus Zazou Biyake roinnt seoda chomh maith. 

Tá ceol nua ó Abstract Orchestra, Homeboy Sandman, Laura Gibson, Mr Mitch, agus ceoltóirí eile nach iad ar liosta na míosa chomh maith. 

Ná dearúdaigí NÓS a leanúint ar Spotify!

SCÉALTA EILE