Oíche bhlasta atá geallta i mBéal Feirste Dé Sathairn nuair a thabharfaidh ceann de na bannaí Gaeilge is spleodraí sa chruinne, Rís, cuairt ar an chathair cois cuain le haghaidh ceolchoirm speisialta.
Bhí bliain chorraitheach go dtí seo ag buachaillí Chonamara tar éis gur sheol siad a dtríú albam, Yahú, i mí Mhárta agus tá na mílte radharc faighte ag a gcuid físeán tarraingteach ar líne… tá 16,000+ ag Tí Jude (thuas) amháin!
Tá go leor cloiste ag muintir an tuaiscirt faoin seoladh albaim a bhí ag an ghrúpa sa Taibhdhearc i nGaillimh cúpla mí ó shin agus táthar ag dréim le gig eile den scoth sa Chultúrlann ag an deireadh seachtaine.
Agus chun cur leis an spraoi ceoil ar fad beidh réalta Chathair Dhoire, JJ Ó Dochartaigh, atá ag oscailt do Rís ar an oíche.
Tá lucht leanúna dílis cruthaithe ag JJ le tamall de bhlianta anuas agus beidh sé ann le croíthe na nGael a thógáil arís lena rogha shultmhar d’amhráin nuachumtha agus aistrithe.
Bí ag súil le ceol comhaimseartha Gaeilge den chéad ghrád… milseog san áireamh!
Is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, a bheidh Rís agus JJ ar ardán. Osclaíonn na doirse ar 8in agus tá £10 ar thicéid.