An ceoltóir/léiritheoir Dirk Leyers agus an dioscmharcach DJ Nomad atá in Africaine 808.
Is é atá mar bhunús an togra ná iarracht na beirte chun buillí an Roland Tr-808, meaisín drumadóireachta, a chur faoi bhun sheancheirníní func-cheoil thropacaigh chun leaganacha nua, nó re-edits, a chruthú beo ar an láthair ag a gcóisirí rialta ‘Vulcandance’ i gcathair Bheirlín.
As sin, thug Leyers agus Nomad aghaidh ar an stiúideo taifeadta chun forbairt a dhéanamh ar Africaine 808, agus é mar rún acu úsáid a bhaint as an Roland Tr-808 ar gach uile rian chun rithimí andúchasacha na hAfraice agus Mheiriceá Theas a athshamhlú i gcomhthéacs nua-aimseartha.
Ach ní haon saothar leamh teicniúil é Basar. Tugadh cuireadh do bheirt sárdhrumadóirí – Dodo NKishi (Mouse On Mars) agus Eric Owusu (ó ghrúpa beo Ebo Taylor, ceoltóir high-life as Gána) – páirt a ghlacadh sna seisiúin.
Dá bharr sin, tá idirghníomhú mealltach idir an drumadóireacht bheo agus na buillí casta leictreonacha, a chóirigh Leyers agus Nomad ar an mheaisín drumadóireachta, ina ghné shuaithinseach tríd is tríd de Basar.
Má tá ceacht le foghlaim ó Basar is é go mbeidh tarraingt i gcónaí ag na rithimí andúchasacha atá linn leis na mílte bliain, is cuma cén t-athrú a thiocfaidh ar an teicneolaíocht lena gcumtar ceol.
Éist le ‘Ngoni’ agus an tslí a lúbtar dordlíne shábhfhiaclach thart ar nótaí na liúite Afracaí a bhí mar spreagadh do theideal an riain, nó le stíl mhall shúilíneach vúdú-house ‘Rhythm Is All You Dance’, agus tuigfear luach ceoil Africaine 808.
Beireann Basar ort ó chéad nótaí an phort afrai-shnagcheoil leictreonaigh ‘The Awakening’ go dtí go gcuireann buille deireanach gaspal-house ‘The Lord Is A Woman’ clabhsúr leis an albam.
Idir an dá rian sin, tá gach cineál le clos: balaerica sicidéileach (‘Yes We Can’), anamcheol cosmach a chuirfidh an chuid is milse de cheol 4Hero i gcuimhne duit (‘Fallen From The Stars’), dord-house scóipiúil (‘Language Of The Bass’), agus nascadh beoga de bhuillí house agus fuaim cajun-blues New Orleans (‘Crawfish Got Soul’).
Ní bheidh leadrán ort, geallaim an méid sin.
Tá ceann d’albaim na bliana buailte chugainn.