Rogha Max Richter

Cad é seo, go díreach?

Curtha le chéile ag an gcumadóir nuachlasaiceach Max Richter, seo an chéad eagrán i sraith úr de cheirníní Rough Trade, Behind The Counter.

Tugann úinéirí an lipéid cheoil cuireadh do cheoltóirí meascán a chur le chéile dá rogha rianta bainte ós na heisiúintí atá ar díol i siopaí ceoil Rough Trade i Londain agus Nua-Eabhrac.

An bhfuil aon mhaith ann?

Is mó casadh agus lúb atá romhat aistear ceoil Richter a leanúint.

Turas thar dhá dhlúthdhiosca is ea é, a thugann suntas do cheol clasaiceach idir shean (Bach, Schubert, Purcell, Rachmaninoff) agus nua (Steve Reich, Philip Glass, John Luther Adams, Urmas Sisask, Osvaldo Golijov).

Tá ceol trialach leictreonach (Aphex Twin, Kaitlyn Aurelia Smith) le clos freisin, gan trácht ar rianta post-rock (Godspeed You! Black Emperor, Mogwai) agus fuaimeanna aite eile nach iad (Let’s Eat Grandma, Low, Rachel’s).

Aon chnuasach a chuireann port ón 14ú Aois (‘Hoquetus David’ de chuid Guillaume de Machaut na Fraince) taobh le ‘Zeotrope’ Boards Of Canada ó 2000, tá sé le moladh!

Más ceol bog machnamhach atá uait ní mór cluas a thabhairt d’áilleacht rianta mar ‘Bobbing Beams of Light’ le Kaitlyn Aurelia Smyth, ‘Wasserklavier’ le Luciano Berio (seinnte ag an bpianódóir David Arden), ‘Of Late’ le Howard Skempton (seinnte ag an bpianódóir John Tilbury) agus ‘Mercy’ le Max Richter féin, go háirithe.

Tá taitneamh ar leith le baint as an tsamhlaíocht lena dtugann leithéidí Roomful of Teeth (‘Partita III, Courante’), Steve Reich Ensemble (‘Tehllim Part II: Psalms 34:13-15) agus Philip Glass (‘Satyagraha: Evening Song’) faoin amhrán córúil.

Laigí?

Ní haon dioscmharcach é Richter: cé go bhfuil scoth rianta go leor le haimsiú ar Behind The Counter ní éiríonn thar cionn leis mar mheascán.

B’fhearr i bhfad Behind The Counter a cheannach ina leagan vinile chun éisteacht leis na rianta seo ina iomlán agus i do rogha ord seachas bacaint leis an leagan meascaithe.

Ar nós droch-thráthnóna i dteannta John Kelly ar Lyric FM tá barraíocht ceol barócach le clos, idir Bach, Purcell agus Handel.

An breithiúnas?

Cuíosach maith.

Beifear ag súil le feiscint cé eile a ghlacfaidh le cuireadh ó Rough Trade seal a chaitheamh i mbun tochailte ar chúl an chuntair.

SCÉALTA EILE