Rogha Rough Trade…

Rough Trade Shops: Counter Culture 15


Cad é seo, go díreach? Dlúthdhiosca dúbailte ar phraghas íseal den gceol is fearr a eisíodh ar lipéid neamhspleácha le bliain anuas, roghnaithe ag foireann siopaí ceoil Rough Trade i Londain agus Nua-Eabhrac.

Tá idir indie, grime, hip hop, ceol iar-phunc agus ceol leictreonach ar dhathanna éagsúla le clos.

An bhfuil aon mhaith ann? Mar a bheifeá ag súil tá scoth an cheoil anseo ó scata de mhóralbaim indie na bliana óna leithéidí; Sufjan Stevens, Courtney Barnett, Holly Herndon, Ezra Furmann, Father John Misty, Björk, Sleaford Mods, Romare agus Floating Points.  

Ach níos suntasaí ná sin tá amhráin mhaithe aimsithe ag foireann Rough Trade ar albaim nach raibh ró-iontach ina n-iomláine: ‘Gosh’ le Jamie XX, abair, an ‘Down Here’ dochloíte de chuid John Grant, an ‘The Battle is Over’ iar-fheimineach le Jenny Hval na hIorua, agus dioscó íorónta ‘All You Writers’ de chuid !!! (chk-chk-chk, sea, is ainm banna é sin), amhrán leis an líne dodhearmadta “She said her favourite Beatles song was ‘Wonderwall’.”

Castar cairde ceoil nua ort i gcónaí ar thiomsachán Rough Trade Counter Culture, is an babhta seo bhaineas féin taitneamh nach beag as fuaim shícideileach Gwenno na Breataine Bige  (‘Y Dydd Olaf’), hip hop gealgháireach Oddisee (‘That’s Love’), fuaim hardcore iar-nua-aoiseach Demdike Stare (‘Patchwork’) agus ceol indie reibiliúnach Trujillo (‘Aztlan’), grúpa de shliocht Meicsiceach lonnaithe i bPortland na Stát Aontaithe.

Laigí? Is ait dom ‘Lovers Theme’ le O. Xander mar rogha – más ceol domhain leictreonach atá uait tá an iliomad port eisithe le bliain anuas a sháraíonn é.

Níl cion ar bith agam ar fhuaim americana Carl Tyson (‘Long Gone Girl’), ná ar ‘How Could You Babe’ le Tobias Jesso Jr, bailéad pianó faoi thionchar Paul McCartney agus Harry Nilsson.

An breithiúnas? Tá uiscí an cheoil indie scagtha go dícheallach ag foireann Rough Trade ar eagla go mbeadh aon chnap óir imithe tharat i gcaitheamh na bliana.

SCÉALTA EILE