Rogha shultmhar

Bobby Gillespie Presents Sunday Mornin’ Comin’ Down 


Cad é seo, go díreach?

Aimsíonn ceann feadhna Primal Scream inspioráid i gcéad líne ‘Sunday Morning Coming Down’ le Kris Kristofferson – “Well I woke up Sunday morning with no way to hold my head that didn’t hurt” – agus scoth bailiúcháin curtha le chéile aige d’amhráin den saghas a chloisfeá i dteach Gillespie maidin Dé Domhnaigh tar éis oíche scléipe ar an Satharn.

Shamhlófá go mbeadh cúpla dúidín ag dul thart: is litir chumainn í Bobby Gillespie Presents Sunday Morning Coming Down do cheol bog sícideileach na 60í is na luath-70í.

An bhfuil aon mhaith ann?

Is máistriúil mar atá Gillespie tar éis gluaiseacht agus atmaisféar a chruthú leis an ord inar leag sé a rogha amach, agus tugann na nótaí clúdaigh deá-scríofa comhthéacs pearsanta d’fhear na n-amhrán.

Meallann Gillespie thú ó thús le fuaim shícideileach ‘May The Circle Remain Unbroken’ le 13th Floor Elevators, leanta ag tríréad aoibhinn lionndubhach ó na Beach Boys (‘Til I Die’, leagan a capella de ‘Forever’ & ‘You’re Welcome’).

Seolann leagan The Byrds den amhrán traidisiúnta Albanach ‘Wild Mountain Thyme’ i dtreo na bhflaitheas é le veidhlíní milse agus giotár 12-théad.

Beirt bhuachaillí áille tragóideacha a d’imigh uainn go ró-óg ba iad Gram Parsons agus Tim Buckley, ach maireann a spiorad anseo i bhfoirm ‘Love Hurts’ agus ‘Phantasmagoria In Two’ faoi seach.

Tá ‘Midnight Cowboy’ ar cheann dos na téam-amhráin scannáin is fearr a chum John Barry, agus tá leagan croíbhriste Evie Sands de ‘Anyway That You Want’ le Chip Taylor ina phléisiúr milis searbh.

Seans nach mbeidh leagan neamhshaolta Primal Scream de ‘Darklands’ le Jesus & Mary Chain (bhí Bobby Gillespie i mbun chúraim na ndrumaí ar albam début Jesus & Mary Chain) cloiste agat, agus é i bhfolach ar thaobh ‘B’ den singil ‘If They Move Kill ‘Em’ go dtí seo.

Tá seoda le clos, freisin, ó Kris Kristofferson, Willie Nelson, Jerry Lee Lewis, Link Ray agus Alexander ‘Skip’ Spence.

Laigí?

Is dócha go bhfuil ciall leis an amhrán ‘American Dreamer’ le Gene Clark i gcomhthéacs scannáin Dennis Hopper leis an dteideal céanna, ach ní bhogann sé puinn mé leis féin.

Ditto ‘As We Go Along’ The Monkees, bainte óna scannán íocónach Head.

An breithiúnas?

Rogha shultmhar ó ré níos soineanta.

SCÉALTA EILE