Tá sé ina shamhradh ceart arís agus tiúnacha an tsamhraidh á mbleaisteáil ar thránna, cois canála agus i ngarraithe ar fud na hÉireann. Bhí ár gcolúnaí ceoil Ben Ó Faoláin ag coinneáil cluas leis na haerthonnta, na seirbhísí sruthaithe agus cuislí an cheoil ar fud an domhain le dhá mhí anuas agus tá rogha bhreá de na hamhráin is fearr a eisíodh le dhá mhí anuas curtha i dtoll a chéile aige dúinn ar Sheinnliosta NÓS ar Spotify.
28 rian ar fad atá ar an liosta an geábh seo agus idir cheol func domhanda, indie, hip-hap, house, dordcheol, agus snagcheol le cloisteáil ann. Ar na ceoltóirí agus bannaí Éireannacha atá ar an liosta tá Rónán Ó Snodaigh, The Bonk, agus Elaine Malone.
Tá ceol úrnua ann ó Beach House, Hot Wax, Toxicated Keys, Avalon Emerson, Project Gemini, Nusantara Beat, Photonz, Little Dragon agus Clarke i dteannta Thom Yorke.
Chuir Nickodemus, The Circling Sun, Loket, Alogte Oho and His Sounds of Joy, Seelenluft, agus De Ambassade albaim nua amach le dhá mhí anuas agus tá rianta óna halbaim sin le cloisteáil ar liosta na míosa.
Tá leagan nua déanta ag Lee Ronalda (Sonic Youth) agus a chairde de cheann de mhór-amhráin The Velvet Underground. Port kraut-rock déanta ag Aldous Harding agus John Parish d’amhrán Nick Drake, agus thug an grúpa Gearmánach GRAPH faoi leagan dorcha diostópach de ‘Mad World’ le Tears For Fears. Tá na leaganacha nua seo uile le cloisteáil ar liosta na míosa.
Más é an dordcheol atá uait, éist leis an gceol úr ó Moktar, Damien’s Ghost, agus Tommy the Cat.
Ar deireadh, chaith Ben súil ar na hatheisiúintí a tháinig amach le cúpla seachtain anuas agus tá roinnt de na seanseoda sin le cloisteáil ar liosta na míosa chomh maith – rianta de chuid an Bhrasaíligh Guilherme Coutinho agus na laochra hip-hap De La Soul agus Alan Vega, nach maireann, iar-amhránaí an ghrúpa Suicide.
Ná dearmad NÓS a leanacht ar Spotify!