Tá Roots Manuva ar ais

“After it is all said and done rapping is my medium I use to get a perspective on getting high on life via simple love for the word on top of intense soundscape.” Roots Manuva, 2015

Cé a chreidfeadh thiar in 2001, nuair a d’eisigh Rodney Smith (Roots Manuva) a dhara albam, Run Come Save Me, go mbeadh an saothar úd fós ina shlat tomhais ag an rapcheol Briotanach sa bhliain 2015?

Más fíor nár sháraigh Smith Run Come Save Me ó shin is fíor freisin nach raibh aon bhaol ann go sáródh éinne eile é ach an oiread.

Cuid den draíocht a bhain riamh le Smith ná go bhfuil sé chomh cruthaitheach, tallannach céanna mar léiritheoir ceoil agus atá sé mar liriceoir.

Féach ar nótaí clúdaigh Run Come Save Me agus cífear leithéidí Lord Gosh agus Hylton Smythe luaite mar léiritheoirí cheol an albaim, ach ní raibh ann le fírinne ach Roots Manuva féin ag iarraidh an dallamullóg a chur orainn le hainmneacha bréagacha.

Má tá locht le fáil ar Bleeds, séú halbam stiúideo Smith, is é nach é an fear féin amháin a bhí i mbun a léirithe, agus leithéidí Four Tet, Adrian Sherwood (On-U Sound), Switch (Major Lazer) agus Fred páirteach sa togra.

Cé go bhfuil imeartas focal Smith chomh saibhir, áiféiseach is a bhí riamh, agus roinnt de na liricí is doimhne agus is tromchúisí dá bhfuil cloiste againn uaidh le haimsiú ar Bleeds, i gcásanna áirithe (‘Cargo’, ‘One Thing’), níl an ceol ar aon chaighdeán leis na focail.

Ar an rud is fearr anseo ó thaobh léiriú de tá ‘Facety:211 Four Tet’, gliogramán de dhrumaí sampláilte agus dord clábarach, le Smith ag rapáil go lúcháireach faoi cheann de na hábhair is giorra dá chroí: an rapáil féin.

Smith céasta, cráite agus é ag iarraidh a dheamhain a dhíbirt a chloisimid ar ‘Crying’, ach ar ‘Me Up!’ tá sé tite i ngrá nuair nach raibh súil in aon chor aige leis (“she opened me up, she opened me up, she rolled me like some weed, and now she’s smoking me whole”).

Mar is gnách, is iomaí tuiscint is féidir le daoine a bhaint as rachtanna fealsúnachta áiféiseacha Smith ó éisteacht go héisteacht, ach i gcás ‘Hard Bastards’, agus é ag tagairt do chás ísealaicme na Breataine, roghnaíonn Smith an chaint dhíreach – “the government don’t trust them, it keeps them all in place, with cheap food and cheap booze, that keeps them out of shape, the underclass, the lowly class with no damn togetherness, the union that sold them out and sold them togetherness.”

Níl Bleeds foirfe, ach tá faoiseamh éigin le fáil ann.


Déarfainn go bhfuil faoiseamh ó ghormacha an Oireachtais á lorg ag roinnt Gaeil inniu! Tugaigí cluas le ‘Don’t Breathe Out’, rian ón albam nua ‘Bleeds’.

SCÉALTA EILE