“Music is not something you can use words to describe.”
Mar sin a thosaigh Keith Jarrett, pianódóir agus cumadóir Meiriceánach, a óráid ghlactha ag searmanas i Nua-Eabhrac inar bronnadh NEA Jazz Masters Fellowship air sa bhliain 2014. Tugadh deis chainte 45 nóiméad dó ach is ar éigean a d’úsáid sé an ceathrú cuid di. Níor theastaigh uaidh mórán a rá seachas an ráiteas thuas agus is dóigh liom gur chuir giorracht na hóráide go mór lena héifeacht.
Is fada an lá ó chuala mé an óráid sin den chéad uair, ach smaoiním air anois is arís, agus sílim faoin tráth seo go raibh an ceart ar fad ag Jarrett.
Is iomaí léirmheas ar albam agus ar cheolchoirm atá léite agam thar na blianta, ach braithim go minic nach mbíonn na focail in ann ag an tasc, i ndáiríre. Éiríonn le léirmheastóirí áirithe stíl ghinearálta an cheoltóra nó an ghrúpa a chur in iúl go réasúnta maith uaireanta; mar shampla, luaigh léirmheastóir amháin “harp wilyness”, “baroque poise”, “rococo beauty” agus “sci-fi delight” leis an albam Divers de chuid Joanna Newsom tráth, agus is fíor go dtugann na frásaí bríomhara sin tuairim éigin don léitheoir maidir le stíl an albaim. Ach is cuma cé chomh cruthaitheach agus seiftiúil is atá an léirmheastóir, braithim go mbíonn bearna sách mór idir na focail – “dry, acoustic arrangements”, “meticulous internal rhymes”, “lilting harp and piano” – agus an ceol féin i gcónaí, gan trácht ar na mothúcháin a mhúsclaítear sna héisteoirí agus iad ag éisteacht leis.
Maítear go minic gur “mathematical genius” a bhí in Bach, cuir i gcás, agus b’fhéidir gurbh ea, ach is dócha nach faoin matamaitic a bhíonn éisteoirí Bach ag smaoineamh den chuid is mó. Más rud é an ceol nach féidir cur síos a dhéanamh air i bhfocail, d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi thionchar an cheoil ar na héisteoirí chomh maith. Sílim uaireanta gurb é an rud is ciallmhaire gur féidir liomsa a rá faoi phíosa ceoil, albam, nó ceolchoirm éigin ná “thaitin sé liom” nó “níor thaitin sé liom” – bíonn sé deacair dul níos faide ná sin, braithim. Agus nach minic gurb ionann, den chuid is mó, leithéidí “[this is] her most dynamic and exhilarating album [yet]” agus “thaitin an t-albam seo go mór liom” ar aon chuma?
Nós eile a bhíonn ag léirmheastóirí ná ceoltóirí nua agus grúpaí nua a chur i gcomparáid le ceoltóirí agus grúpaí eile; mar shampla, Fontaines D.C. a chur i gcomparáid le The Pogues, Joy Division, The Cure, The Strokes, The Smiths agus araile. Uirlis mhíchruinn go leor is ea an chomparáid chomh maith. Ní ionann aon dá cheoltóir nó aon dá ghrúpa, ar ndóigh – mar sin, ní réiteach iomlán sásúil a bhíonn sa chomparáid – ach is dócha go ndéantar na comparáidí sin mar (a) go mbíonn sé níos éasca ná a bheith ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar cheol nua ó bhonn, agus (b) go dtagraíonn ainmneacha amhail The Pogues agus Joy Division do stíleanna agus réimsí fuaime eile ar deacair cur síos a dhéanamh orthusan i bhfocail chomh maith. Agus mar sin a théann an liosta comparáidí siar agus siar arís i dtreo na hOllphléisce! Ní hannamh ach oiread a chuirtear ceoltóirí i gcomparáid lena chéile díreach ós rud é gur mná iad beirt, nó ós rud é go seinneann siad beirt an giotár nó rudaí fánacha mar sin, agus is dócha go léiríonn na comparáidí mí-oiriúnacha sin nár cheart muinín a chur sna comparáidí i gcónaí ach oiread.
Bíonn sainteanga in úsáid ag teoiricithe ceoil agus iad ag labhairt faoi phíosaí ceoil agus ag déanamh anailíse orthu. Nach bhféadfaí a rá, mar sin, gur féidir cur síos a dhéanamh ar an gceol i bhfocail? Ach cé mhéad duine a bheadh in ann an píosa seo a leanas a aithint díreach ón gcur síos teoiriciúil ar a thús: trí chamán ar G agus ansin, mórthréach síos uaidh sin, minim ar E maol? Seans níos fearr go n-aithneofaí Beethoven dá gcanfadh duine na nótaí féin: “dun dun dun DUNNNN”! Is sna nótaí féin atá an ceol, ní sa chur síos teoiriciúil. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoin bhfrása ceoil sin a úsáidtear i scannáin agus cláir theilifíse chun sos drámatúil nó teannas nó rud éigin scanrúil a chur in iúl – is é sin “dun dun DUUUN!”
Anois, seans gur aithin tú an dá cheann sin ó na dun-anna agus na focail eile a scríobh mé thuas, ach is léir go bhfuil “teanga” seo na n-dun-anna sách teoranta. Is minic nach mbíonn an dara rogha ann, áfach. Bíonn na dun-anna sin – agus la-anna, ooh-anna, dum-anna, drang-anna agus neart eile – in úsáid go forleathan ag daoine agus iad ag iarraidh teacht ar ainm amhráin faoi leith sa ghrúpa r/NameThatSong ar Reddit mar shampla, agus léiriú eile iad, is dócha, ar a dheacra is atá sé cur síos a dhéanamh ar an gceol i bhfocail. Má tá liricí san amhrán atá á lorg agat, tiocfaidh tú ar ainm an amhráin sách sciobtha, is dócha; mura bhfuil, go n-éirí an t-ádh leat! (Nár chuala na daoine sa ghrúpa sin faoi Shazam riamh, dála an scéil?)
Fiú ceoltóirí maithe, is minic nach mbíonn na focail acu chun cur síos a dhéanamh ar an rud atá á dhéanamh acu nó an rud atá uathu nuair atá siad ag seinm le ceoltóirí eile. Ní cainteoir líofa na ndrumaí é an giotáraí, agus vice versa. Agus bíonn an fhadhb chéanna ag ceoltóirí proifisiúnta agus iad ag labhairt le hagallóirí. Mar a dúirt Grian Chatten, príomhamhránaí Fontaines D.C., agus é faoi agallamh ag NME anuraidh: “It’s an absurd thing to be interviewed ‘cause I don’t really fucking know what I’m saying, like.”
Mura bhfuil na ceoltóirí féin in ann chuige, cá bhfágann sé sin na léirmheastóirí agus na scríbhneoirí ceoil? Bhuel, ní thiocfaidh deireadh leis an léirmheastóireacht ná an scríbhneoireacht cheoil go deo, is dócha. Bíonn fonn nádúrtha ar dhaoine an scéal a scaipeadh faoin gceol a thaitníonn leo féin. Leanfaidh mé orm á léamh – ach dar liomsa gur fiú cuimhneamh ar fhocail an Jazz Master ag an am céanna.