Rútaí Romare

Tá albaim ann, mar léirmheastóir, go n-éistear leo ar mhaithe len iad a mheá amháin; léirmheas a scríobh agus bogadh ar aghaidh chun éisteacht leis “an gcéad rud eile”.

Agus, ansin, tá albaim mar ‘Projections’, albam début Romare (Archie Fairhurst) ar lipéad Ninja Tune.

Albaim a mheallann ar ais arís is arís eile tú, ceirníní a dhéanann athéisteacht mhinic a chúiteamh.

Albaim go mbeidh spás ar an tseilf dóibh i bhfoirm fhisiciúil nuair atá saothair na ngeáitseálaithe ligthe i ndearmad i bhfad siar in íochtar an diosca chrua.

Tá ceol corraitheach Romare bunaithe ar thaispeántais de phictiúirí colláise leis an ealaíontóir Meiriceánach mór le rá Romare Bearden (1911-1988) ó lár na seascaidí, íomhánna a dhein plé ar shaol na Meiriceánach Afracach.

Tar éis do Fairhurst a bheith páirteach i ngrúpaí éagsúla ceoil le linn a óige – mar dhrumadóir agus mar ghiotáraí – bhuail eipeafáine cheoil é nuair chonaic sé saothar Bearden don gcéad uair agus é ar ollscoil.

Ní hamháin gur roghnaigh Fairhurst ainm baiste Romare Bearden mar a leasainm ceoil, chuir sé dualgas air féin leagan sonach do stíl cut’n’paste ealaíne Bearden a fhorbairt.

An toradh ná taipéis shaibhir snoite as giotaí d’amhráin dhíoga agus oibre na bhfear gorm, d’óráidí ó Harlem i ré chearta sibhialta na seascaidí, d’agallaimh agus de scannáin fite go fíneáilte le rithimí na hAfraice, foinn tharraingteacha agus gnéithe de cheol na gclub mar house agus footwork.

Ceol suairc, dóchasach.

romare-projections

“Bím i gcónaí a iarraidh ómós a thabhairt do shean-stíleanna agus do shean-traidisiúin le mo chuid samplóireachta”, a deir Fairhurst le NÓS ón dtaobh eile de líne threallach Skype, “giotaí beaga de shean-cheirníní a mheascadh le m’fhoinn agus m’ionstraimiú féin len iad a chur i gcomhthéacs nua.”

Tá sé le clos sa cheol go bhfuil ionbhá ag Fairhurst le cás na Meiriceánach Afracach le linn na gluaiseachta sibhialta, ach an bhfuil teachtaireacht pholaitiúil sa cheol?

“Ní ceol polaitiúil é”, a deir Fairhurst, “ach sa mhéid is go mbaineann an ceol seo le hionannas.”

Ceiliúradh ar spiorad an cheoil dioscó a bhfuil sa ‘Rainbow’ draíochta, a deir sé.

Ní furasta go minic i gcás rianta ‘Projections’ an áit ina gcríochnaíonn sampla agus an áit ina dtosnaíonn ionstraimiú Fairhurst a aithint, cé nach bhfuil leisce ar Fairhurst leas a bhaint as sampla de ghlór mór aitheanta mar Nina Simone (‘Nina’s Charm’) nó Peggy Lee (‘Your Love’ ón ‘Love Songs’ EP) nuair a oireann sé.

Caithfidh go raibh costas agus obair mhór i gceist le cead a fháil chun feidhm a bhaint as an oiread sin samplaí?

“Ní lorgaítear cead as samplaí a úsáid ach amháin sa chás go bhfuil siad soiléir le clos”, a deir Fairhurst.

“Tá sean-taithí ag foireann Ninja Tune ar bheith ag plé le léiritheoirí a bhaineann úsáid as an-chuid samplaí ina gcuid ceoil.

“Thugadar go leor cabhrach dom leis an taobh sin de chúrsaí,” a deir sé.

D’fhear a thug ‘Roots’ ar a shingil dheireanach, tá Fairhurst béaldruidte go maith ó thaobh sonraí a chúlra féin de.

“Sin an t-aon rud fúm a fhanfaidh faoi rún”, a deir sé go macánta, cé go luann sé go raibh cónaí air “i dtíortha éagsúla” le linn a óige.

Is i bPáras na Fraince a chuir sé tús le Romare, é ag tochailt i siopaí ceirníní na cathrach chun sean-albaim anaithnid snagcheoil agus blues, atá anois ina ábhar samplála aige, a aimsiú.

romare-2

Cén freagra atá ag Romare ar an dtuairim a nocht Moodymann ag deireadh na nóchaidí nár cheart do dhaoine bána a bheith ag gabháilt do cheol gorm a beag nó a mór?

“Bíodh a dhearcadh féin ag cách”, a deir Romare, “ach cuireann dearcadh mar sin srian ar cheol, is ar cheol Moodymann féin fiú.

“Tá blas ciníoch ar roinnt dá bhfuil ráite ag Theo Parrish ar an ábhar seo freisin.

Ní féidir le héinne seilbh a ghlacadh ar chultúr an cheoil dóibh féin. Is próiseas comhchomaoineach é an ceol, a thugann daoine as cultúir éagsúla le chéile,” míníonn sé.

“Nuair a bhreathnaím ar mhéarchlár an phianó, feicim dubh agus bán, agus is nuair a mheasctar le chéile iad a tharlaíonn an draíocht.”

Cén saghas draíochta, mar sin, lenar féidir linn a bheith ag súil leis ó Romare amach anseo?

“Táim tosnaithe ar cheirnín nua a thaifeadadh cheana féin,” a deir sé.

“Ní dóigh liom go bhfuil aon srian leis an gcur chuige atá agam.

“Ba mhaith liom tabhairt faoi cheol ó chultúir eile mar ábhar samplála amach anseo – ceol clasaiceach nó ceol na hÁise, b’fhéidir.”

Cad faoi cheol na hÉireann?

“Is é, bheadh sé sin spéisiúil,” a deir Romare, “tá ceol na hÉireann thar a bheith fuinniúil.

“Aon áit go mbíonn teannas sóisialta ann bíonn saibhreas ar leith ag baint leis an gcultúr.”


SCÉALTA EILE