‘Sabor Surf’ agus Albaim eile na Míosa

Nell and The Flaming Lips – Where The Viaduct Looms (Bella Union)

Cailín ceithre bliana déag d’aois as Leeds, Sasana í Nell Smith a chuir aithne ar Wayne Coyne, amhránaí The Flaming Lips, tar éis di féin agus a hathair freastal ar roinnt gigeanna de chuid an bhanna. Leaganacha nua de naoi n-amhrán de chuid Nick Cave atá le clos anseo, iad casta ag Nell le tionlacan ó The Flaming Lips. 

Tá cur chuige amh ionraic Nell molta ag Nick Cave cheana féin –  tá sé sin maith a dhóthain domsa. Molaim féin ‘Into My Arms’ agus ‘The Ship Song’, go háirithe.

Posthuman – Requiem For A Rave (Balkan Vinyl)

Tá cáil ar na col ceathracha Joshua Doherty agus Richard Bevan as a  n-oíche cheoil acid house ‘I Love Acid’ (Club Ócáid na Bliana 2019, i dtuairim lucht na hirise DJ Mag) ach ar an albam is déanaí seo uathu is litir chumainn d’oícheanta caite i mbun dianréabhála le linn a n-óige atá le clos. 

Tá eilimintí na gceolta trance, teicneo, jungleacid house agus réabh féin le blaiseadh ina gcóimhéid ar shaothar tógálach a ghluaiseann go fuinniúil mar a bheadh seit diosmharcaíochta craolta ar stáisiún bradach raidió  sa bhliain 1993 ann. 

Orquesta Akokán – 16 Rayos (Daptone)

Is í an chiall atá leis an bhfocal akokán i dteanga na hIarúibise ná “ón gcroí agus an anam”, agus níl aon amhras ach gur as an dá áit sin a eascraíonn ceol na ceolfhoirne mambó seo as La Habana, Cúba. 

Cé go bhfuil fuaim Orquesta Akokán níos bríomhaire agus níos spleodraí na Buena Vista Social Club ní féidir gan 16 Rayos a chur i gcomparáid le taifeadtaí an chompántais úid, go háirithe ó thaobh cumas ceoil agus saibhreas oidhreachta de. 

Thar cionn.

u-ziq & Mrs Jynx – The Secret Garden (Planet Mu)

Ba é bua Mike Paradinas (u-ziq) fonn láidir lúbach a chumadh a mheall go ceol an fhir riamh mé, agus tá an saothar úr seo atá léirithe aige i gcomhar le Hannah Davidson (Mrs Jynx) ag cur thar maoil le línte sintéiseora míne milse. 

Fabhairt anama agus foinse faoisimh i ré an aonraithe.

Ceoltóirí Éagsúla – Sabor Surf (El Palmas)

Seo cnuasach iontach, a thiomsaigh na dioscmharcaigh El Palmas agus El Dágon Criolla as Veiniséala,  d’fhuaimeanna surf-rac Tiomsaithe ag na dioscmharcaigh El Palmas agus El Drágon Criolla as Veiniséala seo de surf-rac a bhí á eisiúint sa tír úd le linn na 1960í.  

Caith ort do chulaith snámha is beir leat do chlár surfála, a dhuine uasail – tá gaoth ón talamh agus borradh san fharraige!

SCÉALTA EILE