“The owl is wise, but who is wiser, when the mouse can be an expert hider, beneath the leaves, the twigs and branches, you can find me.” ‘You Will Find Me’
Tá dhá rud ina leannáin ag Matthew Patterson Curry (Safety Scissors): mionsonraí iar-léiriú fuaime agus mionsonraí na staide daonna.
Fear é Curry a bhíonn ina shuí go déanach san oíche ag déanamh macnaimh ar an ngrá agus teoiric ghinearálta na coibhneasachta gan ach a chuid sintéiseoirí mar chomhluadar aige.
Cúis, is dócha, a dtugann a lucht preasa féin ag lipéad BPitch Control an teideal ‘dork-pop’ ar a chuid amhrán.
Slí níos macánta é a rá ná gur sampla cruthanta é ceol Safety Scissors de chomhnascadh pop amhráin agus ceol leictreonach turgnamhach. Rud a bhfuil cloiste cheana againn ó leithéid Junior Boys, Lali Puna agus Matthew Dear, ach ní minic ar an gcaighdeán seo.
Seo meascán drithleach den gcumadóireacht analógach agus leictreonach nach bhfuil cliché ar bith ag baint leis. Tá fineáltacht ag baint le ‘In a Manner of Sleeping’ a bheireann greim daingean ort.
Amhráin iad seo ina ndéanann an ceol freastal iomlán ar liricí smaointeacha, dearfacha Curry, bíodh dub-dioscó i stíl Isolée (‘Lights Out’) nó func tuisleach scaoilte (‘The Floor’) i gceist.
Is cliste agus siamsúil mar a scaipeann sé sraitheanna dá ghlór féin timpeall na réimse fuaime de mhacalla agus na focail “flip forward, flip back, a duality” canta aige ar ‘Gemini’.
Tá na píosaí uirlise den gcéad scoth chomh maith – tá na gnéithe is fearr de cheol New Order, Ulrich Schanuss agus My Bloody Valentine le clos in aon phort amháin ar ‘Lemon Scented Moist Pillowette’.
Éiríonn le Curry fiú feidhm fhiúntach a bhaint as an diail vóchódor ar ‘My Best Ideas’, port in ómós don ngrúpa Boards Of Canada má bhí ceann riamh ann.
Is fada ó d’eisigh lipéad BPitch Control albam maith, ach tá ‘In A Manner Sleeping’ ina phléisiúr fileata a mbeidh fonn ort filleadh chuige arís agus arís eile.