Saothar domhain, uathúil

Bhain Mark Pritchard cáil amach sna 90idí as an gceol suaimhneasach teicneo agus as an gceol séiseach druma is dord a chum sé mar Global Communications agus Chameleon i dteannta Tom Middleton.

Ó shin i leith tá ceirnín i ndiaidh ceirnín eisithe ag Pritchard faoin iliomad ainmneacha cleite, eisiúinti a léirigh go bhfuil sé ina mháistir críochnaithe ar gach stíl cheoil: leictricheol (Jedi Knights), hip hop uirlise lán doird (Harmonic 313), ceol júc (juke)/smúite (jungle)/garáiste (Africa HiTech), agus ceol Brasaíleach (Troubleman) fiú.

Le blianta beaga anuas tá Pritchard tar éis iompú ar chomhnascadh brúidiúil d’fhuaimeanna júc, dufaire agus halla damhsa.

Ach is léir, agus tú ag éisteacht le Under The Sun, go raibh fís i bhfad níos uaillmhianaí ná riachtanais an urlár rince ar intinn aige dá chéad albam eisithe faoina ainm féin.

Saothar domhain, uathúil é Under The Sun.

Albam pearsanta is ea é a impíonn ort éisteacht leis ó thús go deireadh in aon bhabhta amháin.

Saothar é a nochtann tréithe nua le gach athéisteacht.

Cuireann fuaimdhreach impriseanaíoch ‘?’ tús le cúrsaí, agus ansin tá ‘Give It Your Choir’ gleoite i dteannta Bibio ann le do chluasa a chigilt.

Samhlaigh The Beach Boys i mbun aithrise ar cheol tropicalia na Brasaíle.

Tar éis ceol sintéiseora diostóipeach ‘Infrared’, buailtear Thom Yorke Radiohead chugat ar ‘Beautiful People’.

Is é ceann de bhuaicphointí an albaim é glór séimh Yorke riastraithe in áiteanna ag Pritchard thar chnagadh scaoilte, gaothuirlisí faoileanda agus nótaí míne sintéiseora.

Tuigeann Pritchard nach bhfuil gá le saobhadh fuaime dá leithéid i gcás glór taibhsiúil Linda Perhacs ar ‘Wash My Soul’.

Leis na lúibíní guairneánacha sintéiseora ag teacht trasna ar a chéile ar nós tonnán in uisce locháin, tá ‘Where Do They Go, The Butterflies’ ar nós saothar cóirithe ag Steve Reich as giotaí beaga de cheol Boards Of Canada.

Is cliste mar a bhaineann Pritchard feidhm as píosaí uirlise Under The Sun chun béim a leagan ar na hamhráin ar a gcloistear aoi-amhránaithe.

Tá brí le gach ní anseo, agus más drámata é tionlacan ceoil Pritchard le sruth comhfheasa an rapálaí Beans ar ‘The Blinds Cage’, tá sé níos drámata fós tar éis duit éisteacht le ceol musique concrete ‘Ems’ roimhe.

Máistir i mbun a cheirde.

SCÉALTA EILE