Ní gan chúis atá cáil ar na hathmheascáin fhada eachtrúla atá déanta ag Beyond The Wizards Sleeve (an dioscmharcach iomráiteach Erol Alkan agus Richard Norris ón ngrúpa The Grid) d’amhráin le leithéidí Franz Ferdinand agus The Chemical Brothers le deich mbliana anuas.
Éist le leagan na beirte de ‘Roscoe’ le Midlake nó ‘Losing The Will To Survive’ le Findlay Brown agus tuigfear bua Alkan agus Norris chun béim a leagan ar shéiseachas amhráin, breis drumaí scaoilte a chur faoina bhun agus dornán de dheannach sícideileach a scaipeadh ar a bharr.
Faraor, léiríonn albam début Beyond The Wizards Sleeve, The Soft Bounce, nach bhfuil Alkan agus Norris chomh hiontach céanna mar chumadóirí ceoil agus atáid mar athmheascóirí.
Litir chumainn do phopcheol sícideileach na 60idí agus na 70í é The Soft Bounce go príomha.
Tá ómós Norris agus Alkan dá mbailiúcháin cheirníní féin soiléir le clos, ach le bheith ionraic faoi tá The Soft Bounce lán, agus ró-lán, le macallaí de cheirníní eile, agus tá sé gann ar fhíor-inspioráid dá bharr.
Tá ‘Door To Tomorrow’ i dteannta Euro Childs bunaithe ar ‘See Emily Play’ le Pink Floyd. Tá ‘Ooh I Love To Love You Baby’ le Donna Summer le sonrú in amhránaíocht mháistriúil Jane Weaver ar ‘Delicious Light’, agus caitheann oidhreacht cheoil Suicide Nua-Eabhrac agus an grúpa krautrock Can scáth fada thar ‘Finally Burst’.
Tá tionchar Hawkwind le clos i ngiotáir ‘Iron Age’ agus tá fuaim tropicalia Os Mutantes na Brasaíle mar bhunús le ‘Creation’.
Ní shin le rá nach bhfuil an t-amhrán ‘The Soft Bounce’ féin le moladh.
Píosa draíochtúil é i dtraidisiún My Bloody Valentine le glór baineann milis.
Ach, m’anam, cad a bhí ar intinn ag Norris agus Alkan nuair a roghnaíodar ‘Black Crow’ a chaitheamh isteach leath slí tríd an albam?
Bheadh ‘Black Crow’ togha mar amhrán aitheantais don chéad scannán Bond eile, ach níl brí le fuaim ataithe faux-gotach an riain i gcomhluadar amhráin eile The Soft Bounce.
Scoth ábhar cainte do na saoithíní ceoil é The Soft Bounce mar sin.
Tá sé léirithe le snas, ach tá athmheascán BTWS den albam iomlán Sun Structures leis an ngrúpa Sasanach Temples (Sun Restructured, 2014) i bhfad níos sásúla mar shaothar éisteachta.