Sár-asarlaithe snagcheoil

“Who’s this? The Sorcerers? It’s cool! This is great. Give me the cd man!”Mulatu Astatke

Is fánach an áit ina bhfaighfeá gliomach, ambaiste, agus dá mbeifeá ag cuartú thodhchaí na stíle Ethio-jazz, ní shamhlófá go n-aimseofá i Leeds Shasana é.

Ach má tá cruthúnas á lorg ag The Sorcerers Leeds go bhfuilid ar an mbóthar ceart, tá sé le haimsiú sa rud go bhfuil athair baistí féin na stíle Ethio-jazz, Mulatu Astatke, tar éis ceol an ghrúpa a chasadh ar a chlár raidió.

Radharc nua ar oidhreacht an tsnagcheoil Mheiriceánaigh agus Laidinigh, trí lionsa an scála pheinteatónaigh thraidisiúnta Aetóipigh, a bhí sa cheol nua Ethio-jazz, a bhunaigh Mulatu Astatke tar éis dó filleadh go hAddis Ababa na hAetóipe ó SAM ag tús na 70í.

Fuaim ghlic, mhothálach, ina raibh glór searbh an bhanna phráise maolaithe ag Astatke le húirlísí níos boige mar an giotár, an víbreafón agus an t-órgán.

Leanann an fhorbairt stíle ar albam début The Sorcerers.

Tá rogha thuisceanach The Sorcerers de ghléasanna ceoil nach gcloistear de ghnáth sa cheol Ethio-jazz (dordchlairnéid, gaothuirlisí adhmaid) agus sa draíocht ar leith ag baint lena n-asarlaíocht le gnéithe de cheolta eile nach Ethio-jazz iad.

Táimid ag caint ar cheol ó scannáin uafáis Eorpacha na 60í/70í (The Horror), an saghas ionstraimithe a chloisfeá ar thaifeadaí Keith Mansfield agus Alan Hankshaw ó stiúideo KPM na seascaidí (Night Of The Sorcerer) agus séiseachas eachtrúil i dtraidisiún an fhísí dhaill snagcheoil Moondog (The Viking Of 6th Avenue), agus an ceol tiománta an t-am ar fad ag briosc-drumadóireacht iontach Joost Hendrickx.

Gan aon easpa ómóis a bheith i gceist, ní dhéanann The Sorcerers plámás le hoidhreacht Mulatu.

Mar a léiríonn an forshruth dorcha a ritheann trí The Sorcerers ó thús go deireadh, tá an grúpa seo ag feidhmiú de réir a gcompáis cheoil féin.

Gura fada ceanndána iad.

SCÉALTA EILE