Sár-eisiúintí 2016…

Is iad Africaine 808 an ceoltóir/léiritheoir Dirk Leyers agus an dioscmharcach DJ Nomad. Táimidne ag NÓS den tuairim go bhfuil début an ghrúpa, Basar, ar cheann d’albaim leictreonacha na bliana.

Beireann Basar ort ó chéad notaí an phoirt afrai-shnagcheoil leictreonaigh ‘The Awakening’ go dtí go gcuireann buille deireanach gaspal-house ‘The Lord Is A Woman’ clabhsúr ar an albam. Idir eatarthu tá vúdú-house mall, balearica sícideileach agus dord-house le clos.

Labhair DJ Nomad le Ben Ó Faoláin faoi na halbaim ó 2016 is mó a thug sásamh dó.


1. Basar, Africaine 808 (Golf Channel)

Is dócha nár cheart dom mo ghrúpa féin a chur ag barr an liosta, ach is cuma liom!

Bhí, tá agus beidh Basar ar an albam is tábhachtaí a eisíodh le linn 2016.

Ós rud gur ár gcéad albam é cuimhneoimid i gcónaí ar an gceann seo.


2. This is Kologo Power, Ceoltóirí Éagsúla (Sahel Sounds)

Ón amhrán ‘I Got Something To Say’ le Atimbila go ‘Who Knows Tomorrow’ le Ayuune Sula, tá an t-albam seo ag cur thar maoil le maitheas síoraí.

Liricí doimhne, macánta dírithe ar fhadhb an neamhionannais shóisialta thar ionstraimiú simplí, traidisiúnta.

Ceol croíúil, hiopnóiseach. Scoth-eisiúint eile ón lipéad iontach Sahel Sounds.


3. French Disco Boogie Sounds Vol. 2 (1978-1985), Ceoltóirí Éagsúla (Favorite Recordings)

Ní minic a cheannaím ath-eisiúintí, ach seo ceann dos na tiomsacháin is fearr atá sna siopaí faoi láthair.

Ní fhaca mé riamh an oiread seod de rianta dioscó agus ceol-anama nua-aimseartha, a raibh tóir agam orthu ach gan mo dhóthain airgid agam chun iad a cheannach, bailithe le chéile ar aon albam amháin.


4. Antilles Chéries, Ceoltóirí Éagsúla (Fanon Records)

Cnuasach dos na rianta is mó a chastar ag an club Tropical Discoteq i bParas na Fraince, curtha le chéile ag mo chomrádaí Émile Omar.

Cuireann an tiomsachán seo na hard-oícheanta a bhí agam ag i mbun dioscmharcaíochta ag Tropical Discoteq i gcuimhne dom.


5. The Forbidden Music of The Cape Verde Islands, Bitori (Analog Africa)

Bhí seans agam bheith i mo dhioscmharcach tacaíochta do Bitori nuair a tháinig sé go Beirlín ar camchuairt.

B’iontach an rud é seanfhondúir clúiteach mar é a fheiscint, agus an lucht féachana curtha faoi dhraíocht aige.

Tugann sé an-sásamh dom go bhfuil éirithe ag lipéidí ceoil mar Sofrito agus Analog Africa ceol de chuid laochraí ceoil mar Bitori a chur in aithne do ghlúin nua éisteoirí.

Bheidís ligthe i ndearmad ach iad.

SCÉALTA EILE