Sár-eisiúintí 2016…

Ní raibh Giles Peterson ag magadh nuair a thug sé “duine dos na ceoltóirí is fearr sa Ríocht Aontaithe” ar an sacsafónaí agus cumadóir snagcheoil Nat Birchall.

Tá blas spioradálta ar leith ar shaothair Birchall. Ceol seinnte ón gcroí amach a dhéanann forbairt ar oidhreacht cheoil leithéid John Coltrane agus Pharoah Sanders, mar a bhfuil le clos ar an albam is déanaí uaidh, Creation.

Seo rogha Nat dos na halbaim is mó a thug sásamh dó le linn 2016, idir cheol úr agus ath-eisiúintí.


1. Grounation, Count Ossie & The Mystic Revelation Of Rastafari (Dub Store Japan)

Ath-eisiúint é seo ar albam a cheannaigh mé nuair a tháinig sé ar an margadh den chéad uair siar in 1973.

Is mór an tionchar a bhí ag Grounation ar mo dhomhan ceoil ó shin i leith.

Tá idir amhráin, fhilíocht agus aithriseoireacht le clos, le tionlacan ó Count Ossie agus a fhoireann drumadóirí, chomh maith leis an sacsafónaí Cedric Brooks ag seinnt na gcorn.

Ceol fíor-chumhachtadh é, músclaíonn sé an t-anam ionam aon uair a n-éistim leis.


2. Americana: Musings On Jazz & Blues, JD Allen (Savant)

Táim faoi gheasa ag ceol an teanór-shacsafónaí Nua-Eabhrac-lonnaithe seo ón uair ar eisigh sé a albam début in 1998.

Tá fuaim iontach aige, is ní chasann sé nóta iomarcach riamh.

Seo an t-albam is déanaí ó Allen, is tá súil á caitheamh aige ar ghnéithe éagsúla de cheol na ngormacha, a mhachnamh á dhéanamh aige ar áit lárnach na ngormacha i stair agus oidhreacht chultúrtha Stáit Aontaithe Mheiriceá.


3. Cosmos, Sun Ra (Inner City)

Ath-eisiúint ar thaifeadadh a dhein Sun-Ra i bPáras na Fraince in 1976.

Cheannaíos cóip vinile i siopa beag ceirníní ar Boulevard St Michel sa chathair úd in 1981.

Bhí mé seasta sa siopa ag féachaint ar chludach an cheirnín, is thug mé faoi deara go raibh seoladh an stiúideo inar dhein Sun Ra taifeadadh ar an albam béal dorais!

Amach an doras liom go gcífinn an raibh an stiúideo fós ann, ach ní raibh aon rian de le feiscint.

Ard-saothar de chuid Sun Ra é seo. Tá athrú beag ach suntasach ar fhuinneamh an ghrúpa le clos toisc an úsáid bainte as dord-leictreach.


4. Closer To The Sun, Franklin Kiermyer (Mobility Music)

Seo an t-albam is déanaí le mo chara Franklin.

Sheinneamar le chéile cúpla babhta anuraidh, is caithfidh gurbh é an drumadóir is torannaí ar sheinn mé leis riamh.

Tá fuinneamh fíor-láidir ann mar cheoltóir, is dá bharr sin tá sé de dhualgas ar aon cheoltóir a roinneann ceol leis seinnt ar dhéine ard!

Bíonn blas teasaí i gcónaí ar a chuid ceoil.

Ar an taifeadadh seo tá ard-phianódóir óg, Davis Whitfield, le clos, chomh maith le Lawrence Clarke, duine dos na teanór-shacsafónaithe Nua-Eabhrac-lonnaithe is giorra de mo chroí.


5. Black Saint, Billy Harper (Black Saint)

Ath-eisiúint úr eile.

Fear é Billy Harper atá tar éis tionchar an-mhór a bheith aige orm, agus ní ó thaobh cúrsaí ceoil amháin de.

Tá fuaim shainiúil aige. Is furasta a chuid amhrán a aithint – táid lán d’fhuinneamh dearfach, ar nós an fhir féin.

Eisithe ar dtús sa bhliain 1975, ba é Black Saint an chéad albam ar an lipéad leis an ainm céanna.

Tá buaine ag baint leis an gceol dochreidte seo.


Tá ‘Creation’ le Nat Birchall le fáil ag natbirchallmusic.bandcamp.com

SCÉALTA EILE