Sár-eisiúintí 2016…

Rapálaí leis an ngrúpa clúiteach IMLÉ é Pádraig ‘MC Muipéad’ Ó Conghaile.

Bhí albam début IMLÉ ar cheann dos na saothair cheoil is mó a thug sásamh d’fhoireann NÓS i rith na bliana 2016, agus tá an grúpa ainmnithe i gceithre rannóg do Ghradaim Cheoil NÓS 2017.

Labhair fear na fealsúnachta funcaíáilte le Ben Ó Faoláin faoi na halbaim (agus singil amhain!) is mó a bhí ar na cluasáin aige in 2016.


1) Let The Dead Bury The Dead, Rusangano Family (Lipéad ar bith)

Is albam dochreidte é Let the Dead Bury the Dead.

Tá na leaids seo ag ceol le chéile le os cionn 6 bliana anuas ar a laghad.

Bhí siad i gcónaí go maith ach léiríonn an t-albam seo an dul chun cinn iontach ata déanta acu.

Is eiseamláirí iad dúinn uilig. Grá mór!


2) Blackstar, David Bowie (Sony BMG)

Laoch a fuair bás i mbliana, ach ní dhéanfar dearmad go deo air chomh fada is atá daoine ag éisteacht le ceol.

Tá meas mór tuilte aige arís leis an albam seo Blackstar, a léiríonn go raibh sé ag cur brú air féin fiú ag deireadh a shaoil chun a bheith gníomhach agus cruthaitheach mar ealaíontóir.


3) The Impossible Kid, Aesop Rock (Rhymesayers)

Is dócha gur in 2007 leis an albam None Shall Pass a tháinig Aesop Rock chun solais go mór.

Ar an albam nua The Impossible Kid léiríonn sé arís na scileanna rapála lán le meafair agus rithimí, agus tionlacan ailtéarnach a tharraing m’aird an chéad lá ariamh in 2000 agus 2001 leis na halbaim Float agus Labor Days.


4) Hella Personal Film Festival, Open Mike Eagle (Mello Music Group)

Is breá liom an réimse fuaimeanna as a mbaintear leas as ar an saothar seo agus na daoine a fhaigheann Open Mike Eagle chun bheith ag obair leis.

Cuireann seo brú air a bheith ag fás agus ag foghlaim gan sos. Tá ard-mheas agamsa ar an meon seo.

Ar Hella Personal Film Festival is é Paul White a rinne an léiriú ceoil agus sílim gur bhain an bheirt acu cothromaíocht den scoth amach.


5) Break Apart, Bonobo feat. Rhye (Ninja Tune)

Tá meas mór agam ar Bonobo le blianta.

Scaití teastaíonn uait scíth a ghlacadh agus leis an amhrán nua ‘Break Apart’ tá an ceol mall séimh agus tá an canadh ó Rhye binn agus ceolmhar.

Ceann maith dom nuair atá an cloigeann tuirseach.

SCÉALTA EILE